Díolúine i leith íocaíochtaí tacaíochta, cothabhála agus oideachais

Tá bronntanais áirithe airgid, nó luach an airgid, a ghlactar le haghaidh tacaíochta, cothabhála nó oideachais díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC). Tá feidhm ag an díolúine sa chás go nglactar leis an bronntanas le linn shaolré an diúscróra más:

  • leanbh de chuid an diúscróra nó páirtnéara shibhialta an diúscróra atá i gceist atá:
    • níos óige ná 18 mbliana d’aois
    • idir 18 agus 25 bliain d’aois agus má tá sé nó sí in oideachas lánaimseartha
    • mura bhfuil sé nó sí in ann é féin nó í féin a chothabháil mar gheall ar mhíchumas fisiciúil nó meabhrach buain (níl aon teorainn aoise ar an gcoinníoll seo).
  • má tá sé nó sí ina dhuine/duine a bhfuil an diúscróir in loco parentis dó nó di (in áit tuismitheora).

Baineann an díolúine freisin le bronntanais le haghaidh tacaíochta agus cothabhála do ghaol cleithiúnach an diúscróra nó do chéile nó pháirtnéir sibhialta an diúscróra. Ní mór an bronntanas a ghlacadh le linn shaolré an diúscróra.

Ní mór bronntanais le haghaidh tacaíochta, cothabhála nó oideachais a bheith:

  • mar chuid den ghnáthchaiteachas an duine le cúinsí an diúscróra
  • agus
  • a  bheith réasúnta i ndáil le cúinsí airgeadais an diúscróra.

Íocaíochtaí i gcás go bhfuil an diúscróir éagtha

Tá íocaíochtaí le haghaidh tacaíochta, cothabhála nó oideachais díolmhaithe ó CFC, sa chás go bhfuil an diúscróir agus tuismitheoir eile an linbh éagtha. Tá feidhm ag an díolúine sa chás go nglacann na daoine seo a leanas an íocaíocht:

  • leanbh de chuid an diúscróra nó páirtnéir sibhialta an diúscróra atá:
    • níos óige ná 18 mbliana d’aois
    • idir 18 agus 25 bliain d’aois agus má tá sé nó sí in oideachas lánaimseartha
    • mura bhfuil sé nó sí in ann é féin nó í féin a chothabháil mar gheall ar mhíchumas fisiciúil nó meabhrach buain (níl aon teorainn aoise ar an gcoinníoll seo).

Ní mór d‘íocaíochtaí le haghaidh tacaíochta, cothabhála nó oideachais a bheith:

  • mar chuid de ghnáthchaiteachas an duine le cúinsí an diúscróra díreach roimh bhás an diúscróra
  • agus
  • a bheith réasúnach i ndáil le cúinsí airgeadais an diúscróra díreach roimh bhás an diúscróra.