Dleacht Eastáit

Faoiseamh Talmhaíochta

Féadann feidhm a bheith ag foirm ‘Faoiseamh Talmhaíochta’ maidir le maoin talmhaíochta sa chás go bhfuil glanluach eastáit €12,697 nó níos mó. Tagann an faoiseamh ó chur i bhfeidhm ‘luach saorga’ nó Luach an Drochthalaimh (LTD). Faigheann tú an luacháil rátaithe a úsáidtear chun an LTD a ríomh ón Údarás Áitiúil. Nuair a gheobhaidh siad an fhaisnéis seo, ríomhfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Measúnú ar Dhleacht Eastáit. Féadtar LTD a úsáid ar an gcoinníoll:

  • nach sáraíonn glanluach iomlán an eastáit (lena n-áirítear an luach saorga) €3,809.21
  • nó go sáraíonn luacháil rátaithe na talún luacháil rátaithe na bhfoirgneamh.

Chun iarratas a dhéanamh ar an bhfaoiseamh, ba chóir Foirm A(X) agus Foirm D1 comhlánaithe a sheoladh chuig an Aonad Náisiúnta Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC). Ní mór doiciméid tacaíochta thuasluaite ón Údarás Áitiúil, a bheith in éineacht le Foirmeacha A(X) agus D1.

Ar aghaidh: Básanna roimh an 1 Meitheamh 1959