Dleacht Eastáit

Foirmeacha na Dleachta Eastáit

Ag brath ar do chás, beidh ceann amháin nó níos mó de na foirmeacha seo a leanas riachtanach:

  • Ba chóir Foirm A(X) a bheith comhlánaithe nuair atá iarratas a dhéanamh ar Deonú Probháide bunaidh. Úsáidtear luachanna dáta an bháis ar an bhfoirm seo.
  • Ba chóir Foirm A3(E) a bheith comhlánaithe i gcás eastát neamhriartha. Úsáidtear luachanna margaidh reatha ar an bhfoirm seo agus ní mór an deontas bunaidh a bheith in éineacht leis an iarratas seo.
  • Ní mór Form D1 a bheith in éineacht leis na Foirmeacha A(X) nó A3(E) nuair atá réadmhaoin nó talamh agus foirgnimh san eastát. Ní mór go dtiocfadh na luachanna ar Fhoirm D1 leis na luachanna ar na Foirmeacha A(X) nó A(3). 
  • Úsáidtear Foirm A4 Dleacht Eastáit (Deontas Iontaobhaí) úsáidte i gcásanna:
    • nuair a bhfuair an duine éagtha bád tar éis 1 Lúnasa 1894
    • nach bhfuil​aon mhaoin a bhfuil Dleacht Eastáit iníoctha ina leith ar bhás an duine éagtha
    • agus
    • nach bhaineann an Deontas ach le maoin ina raibh an duine éagtha ina iontaobhaí amháin.

Tabhair do d’aire

Ní mór na foirmeacha thuas a chomhlánú i ndúblach ag úsáid luachanna euro.

Níl sé riachtanach go bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí don duine éagtha do bhásanna roimh an 1 Aibreán 1975. Bíodh cóip d’uacht an éagtha san áireamh nuair is féidir. Ní mór tuarascáil luachála ina bhfuil luachanna dáta báis a bheith in éineacht le Foirmeacha A(X) agus D1. Ba chóir gach foirm a thíolacadh do:

Seoladh poist

Na Coimisinéirí Ioncaim
Rannóg na gCánacha Pearsanta
Cáin Fáltas Caipitiúil (Dleacht Eastáit)
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an Aonad Náisiúnta Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)