An Dara Deonú Ionadaíochta (Foirm A3C) nó ceann dá éis sin a iarraidh (deonú de bonis non)

Féadfaidh sé go dteastóidh an dara deonú ionadaíochta nó ceann dá éis sin i gcúinsí áirithe tar éis probháid nó Litreacha Riaracháin a dheonú. Mar shampla, sa chás go bhfuair an t-ionadaí pearsanta bás, ní mór seiceadóir nó riarthóir a cheapadh le riarachán an eastáit a chur i gcrích.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh

Sa chás go bhfuair an duine éagtha bás ar an 5 Nollaig 2001 nó dá éis, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne don Deonú De Bonis Non. Ba chóir duit an Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) ar líne a úsáid chun an t-iarratas seo a dhéanamh. Ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú ar líne ar moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Treoir maidir le Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú.

Nuair a éiríonn leat d’iarratas a thíolacadh, ginfear Fógra um Admháil (Probháid) go huathoibríoch chuig do moChúrsaí nó chuig do bhosca isteach ROS. Ní mór an fógra seo agus na doiciméid chuí eile a chur ar fáil don Oifig Probháide le dara deonú nó ceann dá éis sin a iarraidh.

Custaiméirí nach bhfuil ríomh-chumasaithe

I gcúinsí teoranta, féadann iarratasóirí pearsanta a iarraidh Foirm A3C ar pháipéar a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim sna cásanna seo a leanas:

  • mura bhfuil rochtain dhóthanach idirlín agat
  • mura bhfuil tú in ann an Fhoirm A3C a sheachadadh go leictreonach mar gheall ar an méid seo:
    • d’aois
    • do chumas meabhrach
    • do chumas fisiceach.

Ní mór go sonrófaí go soiléir na cúinsí a chuireann bac ort an Fhoirm A3C a thíolacadh go leictreonach. Cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim má tá tú díolmhaithe ó thíolacadh ar líne.

Ní bhaineann an áis leis an eolas riachtanach a sheachadadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhformáid páipéir ach le hiarratasóirí pearsanta amháin. Ní mór do dhlíodóirí nó idirghabhálaithe eile ag gníomhú in eastáit iarratas a dhéanamh ar líne trí an Fhoirm SA.2 a úsáid.

Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aonad Náisiúnta Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) chun Foirm A3C páipéir a thíolacadh. Níl an leagan páipéir seo den Fhoirm A3C ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Deonú De Bonis Non - 1 Aibreán 1975 agus roimh an 5 Nollaig 2001

Tá an Fhoirm A3C páipéir infheidhme sa chás go bhfuair an duine éagtha bás ar an 1 Aibreán 1975 nó dá éis, agus roimh an 5 Nollaig 2001.

Nuair atá iarratas á dhéanamh ar dheonú de bonis non, agus sa chás go bhfuil réadmhaoin in eastát, ní mór Foirm CA6 a bheith in éineacht le Foirm A3C. Ba chóir duit an dá fhoirm a chomhlánú i ndúblach agus iad a sheoladh ar ais chuig an Aonad CFC.