Faoisimh agus díolúintí

Buanfhaoisimh eile

Aistriú gnóthais

Níl sé seo i bhfeidhm ach amháin sa chás ina bhfuil gnóthas á aistriú ina iomláine go dtí an Stát ón gcoigríoch. Chun cáiliú ní mór don ghnóthas:

  • a bheith ina aonad eacnamaíoch neamhspleách
  • a bheith tar éis scor dá ghníomhaíocht ar an gcoigríoch
  • a bheith tar éis a ghníomhaíocht a aistriú chuig an Stát
  • agus
  • a bheith meáite ar thabhairt faoin ngníomhaíocht chéanna sa Stát go neamhspleách.

Maidir leis an bhfeithicil, ní mór:

  • gur leis an ngnóthas í agus go n-úsáidtear í le haghaidh príomhghníomhaíochtaí gnó ar feadh íostréimhse dhá mhí dhéag roimh scór dá ghníomhaíocht ar an gcoigríoch
  • go bhfuil sé beartaithe le húsáid chun na críche céanna sa Stát
  • í a bheith tugtha isteach sa Stát, de ghnáth taobh istigh de dhá mhí dhéag roimh scór dá ghníomhaíocht ar an gcoigríoch
  • agus
  • í gan a bheith díolta, diúscartha, fruilithe, ar iasacht nó tugtha mar urrús ar feadh dhá mhí dhéag tar éis clárúcháin

Oidhreacht

I gcás duine atá cónaitheach sa Stát, féadann feithicil faighte le hoidhreacht a bheith díolmhaithe ó Cháin Cláraithe Feithiclí sna cásanna seo:

  • má fhaigheann tú é go díreach mar oidhreacht faoi uacht nó faoin dlí a bhaineann le díthiomnacht
  • más tusa ionadaí pearsanta an duine éagtha
  • má bhí an fheithicil mar mhaoin phearsanta an duine éagtha ag am an bháis
  • agus
  • má bhí an fheithicil tugtha isteach sa Stát taobh istigh de dhá bhliain. 

Tabhartais ó chomhlachtaí oifigiúla, údaráis phoiblí nó comhlachtaí den chineál céanna

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh ó CCF a dheonú roimh ré ar fheithicil a thugtar:

  • mar thabhartas
  • mar chomhartha cairdis nó dea-thola. 

Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a bhfoireann

Féadann institiúidí an AE atá bunaithe sa Stát faoiseamh ó CCF a fháil ar fheithicil amháin. Féadann baill foirne nach raibh gnáthchónaí orthu sa Stát roimh an bhfostaíocht an faoiseamh seo a éileamh ar oiread agus dhá fheithicil phearsanta.

Ní fhéadtar feithiclí is tairbhí a dhíol, a fhruiliú, a thabhairt ar iasacht nó mar urrús sa Stát ar feadh dhá bhliain tar éis clárúcháin.  

Socruithe taidhleoireachta nó consalachta

Féadtar an faoiseamh seo a éileamh más ag obair i misean taidhleoireachta sa Stát atá tú. Tá sé seo faoi réir ceadú roimh ré ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Féadann baill foirne teicniúla agus riaracháin neamhchónaithe agus neamh-Éireannach faoiseamh a éileamh ar fheithicil amháin taobh istigh de shé mhí ó obair a thosú.

Féadann gníomhaire taidhleoireachta atá i dteannta céile an faoiseamh a éileamh ar dhá fheithicil. De rogha air sin féadann gníomhaire taidhleoireachta faoiseamh a éileamh ar fheithicil amháin.

I gcás fheithicil nua a cheannach sa Stát, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gceannachán.

Go ginearálta, ba chóir na feithiclí seo a choinneáil go dtí go bhfágann an t-úinéir an Stát. 

Aersheirbhísí idirnáisiúnta

Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ag an aerfort cuí maidir le faoiseamh ar fheithiclí a úsáidtear:

  • chun seirbhísí aeir idirnáisiúnta a bhunú nó a chothabháil ag úsáid aerfoirt sa Stát
  • chun seirbhísí raidió nó meitéareolaíochta nó áiseanna eile a bhaineann le seirbhísí mar sin a bhunú nó a chothabháil
  • chun críocha turgnamhacha a bhaineann le seirbhísí den chineál seo.

Iarratais

I gcás feithicil ón AE a bhaineann leas as:

  • faoiseamh i leith institiúidí an AE agus a bhfoireann 
  • faoiseamh i leith socruithe taidhleoireachta agus consalachta

déan iarratas le:

An tSeirbhís Náisiúnta CCF
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Sráid Áine
Co. Loch Garman
Y35 E29K.

Fón: 01 7383619

Ach amháin i gcásanna nach bhfuil leagtha amach thuas:

  • i gcás feithicle atá ag teacht ó thaobh istigh den AE, déan iarratas le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim taobh istigh de sheacht lá ón uair a thagann an fheithicil isteach sa Stát
  • i gcás feithicle ó thaobh amuigh den AE, déan iarratas ag an oifig custam ag an bpointe nuair a thagann an fheithicil isteach sa Stát.

Ar aghaidh: Díolúine shealadach