Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine ag obair in Éirinn

Cóireáil cánach ar shaoránaigh na hÚcráine a oibríonn go cianda sa Stát d'fhostóirí na hÚcráine

Tá saoránaigh na hÚcráine tar éis teacht go dtí an Stát mar gheall ar an gcogadh ina dtír. Imlíníonn an eBrief seo an chaoi a déileálann na Coimisinéirí Ioncaim le staid chánach na nÚcránach, a leanann de bheith fostaithe ag a bhfostóir Úcráinis agus iad ag comhlíonadh a ndualgais fostaíochta go cianda ó Éirinn.

Dliteanas ioncam fostaíochta na hÚcráine i leith Cáin Ioncaim na hÉireann agus cóireáil lamháltais

Is cuma faoi staid chónaithe chánach an fhostaí nó an fhostóra, tá ioncam ó fhostaíocht neamh-Éireannach, inchurtha i leith chomhlíonadh dhualgais na fostaíochta sin in Éirinn, inmhuirir in Éirinn i leith Cánach Ioncaim agus an Mhuirir Shóisialta Uilíoch (MSU) agus tá sé laistigh de scóip an chórais Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) chun Cáin Ioncaim a asbhaint ag an bhfoinse. Tá na ceanglais leagtha amach go mion sa Tax and Duty Manual (TDM) Part 42-04-65 - Employee payroll deductions in relation to non-Irish employments exercised in the State.

Mar lamháltas, áfach, déileálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim:

  • leis na fostaithe seo atá bunaithe in Éirinn de chuid fostóirí na hÚcráine mar nach bhfuil siad faoi dhliteanas Cáin Ioncaim na hÉireann agus MSU ar ioncam fostaíochta na hÚcráine atá inchurtha i leith chomhlíonadh dualgas sa Stát
  • agus
  • nach gceanglaítear ar fhostóirí na hÚcráine an córas ÍMAT a oibriú ar ioncam fostaíochta den sórt sin.

Ní bhaineann an lamháltas ach le hioncam fostaíochta a íocann a bhfostóir Úcráinis le fostaithe atá lonnaithe in Éirinn.

Cáin Chorparáide

D’fhéadfadh fostaí, stiúrthóir, soláthróir seirbhíse nó gníomhaire a bheith tagtha go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus d’fhéadfadh go mbeadh láithreacht sínte dosheachanta aige sa Stát dá bharr. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim neamhaird ar láithreacht den sórt sin in Éirinn chun críocha Cánach Corparáide maidir le haon chuideachta san Úcráin, ina mbeadh an fostaí, stiúrthóir, soláthraí seirbhíse nó gníomhaire fós i láthair san Úcráin, muna mbeadh an cogadh ann.

Tréimhse na gcóireálacha agus na gcoinníollacha

Beidh feidhm ag na cóireálacha lamháltais seo don bhliain chánach 2022 sa chás:

  • maidir le hioncam fostaíochta na hÚcráine:
    • bheadh an fostaí tar éis a dhualgais fostaíochta a chomhlíonadh san Úcráin, muna mbeadh an cogadh ann
    • agus
    • tá an fostaí fós faoi réir cáin ioncaim Úcráinis ar a ioncam fostaíochta don bhliain.
  • i gcás cánach corparáide, bheadh an fostaí, stiúrthóir, soláthraí seirbhíse nó gníomhaire i láthair san Úcráin, muna mbeadh an cogadh ann.

Maidir le haon duine aonair nó aonán ábhartha a bhaineann leas as an láimhseáil lamháltais atá leagtha amach thuas, ba cheart aon doiciméid nó fianaise eile (amhail taifead le dáta theacht an duine aonair sa Stát) a thaispeánann gurbh de bharr an chogaidh san Úcráin a tháinig an duine go hÉirinn agus go ndearna sé a chuid oibre nó a dhualgais anseo a choinneáil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise den sórt sin a iarraidh, de réir mar is gá.