Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine ag obair in Éirinn

Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhunaíonn gnó in Éirinn

Má tá sé ar intinn agat do ghnó féin a bhunú chun earraí nó seirbhísí a sholáthar in Éirinn, meastar thú a bheith féinfhostaithe (tá tú ag obair duit féin). Ciallaíonn sé seo nach mór duit ort clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh Cánach Ioncaim.

Sula bhféadfaidh tú clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh Cánach Ioncaim, tá Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ag teastáil uait. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ag cabhrú le daoine atá ag teacht ón Úcráin UPSP a fháil chomh luath agus is féidir. Tá tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlí na RCS.

Nuair a bheidh do UPSP agat, beidh ort na céimeanna seo a leanas a ghlacadh chun clárú le haghaidh Cánach Ioncaim:

  • Ar dtús, cláraigh do moChúrsaí, seirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí aonair
    • Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim pasfhocal sealadach duit tríd an bpost
  • Féadfaidh tú síniú isteach ansin ar moChúrsaí trí do phasfhocal sealadach a úsáid
    • Cliceáil ar ‘Clárúchán Cánach’ ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’ agus comhlánaigh an próiseas clárúcháin do Cháin Ioncaim
  • Nuair atá tú cláraithe le haghaidh Cánach Ioncaim, féadfaidh tú Clárú le haghaidh ROS, seirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí gnó, lena n-áirítear iad siúd atá féinfhostaithe.

Trí chlárú le haghaidh ROS beidh tú in ann d’oibleagáidí cánach go léir a bhainistiú ar líne, amhail tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh.

Céard iad do chuid oibleagáidí cánach?

Má tá tú féinfhostaithe, breathnaítear ort mar cháiníocóir féinmheasúnaithe. Ciallaíonn sé seo nach mór duit do réamhcháin don bhliain a íoc faoin 31 Deireadh Fómhair. Is éard is Réamhcháin ann ná an meastachán a dhéanann tú den Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a bhfuil súil agat a íoc ar an ioncam atá tuillte agat don bhliain chánach.

Ní gá duit réamhcháin a íoc don chéad bhliain is cáiníocóir féinmheasúnaithe tú ach b’fhéidir gur mhaith leat é sin a dhéanamh mar go laghdóidh sé an méid cánach a bheidh ort a íoc sa bhliain dár gcionn. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Treoir maidir le féinmheasúnú.

Ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim féinmheasúnaithe a thíolacadh gach bliain freisin. Is é an 31 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdháta chun Tuairisceán Cánach Ioncaim féinmheasúnaithe a thíolacadh don bhliain 2022.

Má tá daoine eile fostaithe agat chun oibriú i do ghnó ní mór duit clárú mar fhostóir. Féadtar clárú mar fhostóir ach ag baint úsáid as ROS.

Mar fhostóir, beidh ort an méid seo a leanas a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaithe:

Ar, nó roimh, an dáta a ndéanann tú íocaíocht le d’fhostaí, ceanglaítear ort an pá agus na hasbhaintí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Má sháraíonn do láimhdeachas bliantúil ionchais teorainneacha áirithe, ní mór duit clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL). Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL .

Ag brath ar an earnáil ina bhfuil do ghnó ag feidhmiú, féadfaidh tú a bheith faoi réir cánacha siarchoinneála. Is iad na cánacha siarchoinneálacha ábhartha:

Ar aghaidh: Cóireáil cánach ar shaoránaigh na hÚcráine a oibríonn go cianda sa Stát d'fhostóirí na hÚcráine