Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine ag obair in Éirinn

Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine ag tosú ar a gcéad phost in Éirinn

Sula bhféadfaidh tú post a thosú in Éirinn, tá Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ag teastáil uait.

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ag cabhrú le daoine atá ag teacht ón Úcráin UPSP a fháil chomh luath agus is féidir. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín na RCS.

Nuair a thosaíonn tú ag obair den chéad uair in Éirinn, níl le déanamh agat ach do UPSP a chur ar fáil do d’fhostóir. Beidh d’fhostóir in ann do phost a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim ansin. Má tá sé ar do chumas é a dhéanamh, féadfaidh tú do phoist chláraithe a sheiceáil ar líne ag baint úsáid as seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh tú clárú le haghaidh moChúrsaí anseo.

Nuair a bheidh do phost cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, seolfar Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) chuig d’fhostóir. Úsáidfidh d’fhostóir é seo chun na hasbhaintí seo a leanas a ríomh i gceart:

Cén chaoi a ríomhtar d’asbhaintí

Go ginearálta, tá gach ioncam incháinithe. Braitheann suim na Cánach Ioncaim, MSU agus ÁSPC a íocann tú ar shuim an ioncaim a thuilleann tú, do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta cánach.

Do dhuine singil, gearrtar an ráta caighdeánach ar ioncam suas le €707.69 sa tseachtain, is é sin 20% faoi láthair. Beidh ráta cánach 40% i bhfeidhm ar aon ioncam a thuilleann tú os cionn €707.69 sa tseachtain.

Leithdháilfear creidmheasanna cánach €65.39 sa tseachtain duit. Féadtar an tsuim seo a úsáid chun an méid cánach a iarrtar ort a íoc (más ann) a laghdú. Féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe creidmheasanna breise cánacha éileamh. Féadtar iad seo a éileamh ar líne trí moChúrsaí.

Asbhaintear an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ó d’ioncam, i dteannta le Cáin Ioncaim. Braitheann an tsuim MSU a íocfaidh tú ar an méid a thuilleann tú sa tseachtain. Mar shampla, gearrtar MSU ag 0.5% ar an gcéad €231 a thuilleann tú sa tseachtain. Méadaíonn an ráta MSU ina dhiaidh sin ag brath ar an méid a thuilleann tú (féach an sampla thíos).

Gearrtar Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) i dteannta MSU agus Cáin Ioncaim. Braitheann an méid ÁSPC a asbhaintear ar an aicme ÁSPC ina bhfuil tú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar aicmí ÁSPC, féach suíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ar aghaidh: Comhairle do Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhunaíonn gnó in Éirinn