Táirgí tobac a thabhairt isteach go hÉirinn ó Bhallstát eile de chuid an AE?

Féadtar táirgí tobac a thabhairt isteach go hÉirinn ó Bhallstát eile de chuid an AE, gan dleacht nó cáin bhreise a íoc, ar choinníoll:

  • go bhfuil tú seacht mbliana déag d'aois nó níos sine
  • agus
  • go bhfuil méid a leanas fíor maidir leis na hearraí:
    • cheannaigh tú iad i mBallstát de chuid an AE le dleacht agus CBL íoctha
    • go bhfuil siad á iompar agus á dtionlacan agatsa
    • is chun d’úsáide féin atá siad
    • agus
    • nach mbeartaítear iad a athdhíol.

D'fhéadfaí méideanna suas go dtí na cainníochtaí thíos a mheas mar mhéideanna d'úsáide pearsanta:

  • Toitíní: 800
  • Todóigíní: 400
  • Todóga: 200
  • Táirgí tobac eile (m.sh. tobac rollta): 1 cileagram.

Má thugann tú níos mó ná na méideanna seo isteach, féadtar an chainníocht iomlán a urghabháil. D'fhéadfaí tú a ionchúiseamh freisin.

Cuidíonn na socruithe seo lena chinntiú go n-úsáidtear faoisimh ó Dhleacht Mháil i gceart. Déanann siad an cháin tobac níos éifeachtaí ag tacú le beartas sláinte poiblí.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil leis na naisc thíos:

Dleacht Mháil ar thobacAg taisteal laistigh den AE