Rátaí Dleachta Máil

Cáin ar Tháirgí Tobac agus an Cháin ar Thairgí Leachta Toitín Leictreonaigh

Sa tábla thíos tá na rátaí reatha Cánach ar Tháirgí Tobac atá i bhfeidhm ón 7 Deireadh Fómhair 2026.

Cáin ar Tháirgí Tobac
TáirgeRáta Dleachta (€)
Toitíní (a) €520.88 in aghaidh an míle in éineacht le suim comhionann le 8.67% den phraghas ar a ndíoltar na toitíní i siopaí miondíola,
nó
(b) €570.73  in aghaidh an míle i leith toitíní a dhíoltar i siopaí miondíola dá mbeadh an ráta cánach níos lú ná an ráta sin dá ndéanfaí an ráta a ríomh de réir mhír (a)
Todóga €580.447 an cileagram
Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh €558.422 an cileagram
Tobac eile lena chaitheamh €402.688 an cileagram
Áirítear sa tábla thíos an ráta reatha Cánach ar Tháirgí Leachta Toitín Leictreonaigh atá i bhfeidhm ón 1 Samhain 2025
Cáin ar Tháirgí Leachta Toitín Leictreonaigh

Táirge

Ráta Dleachta (€)

Táirge Leachta Toitín Leictreonaigh

€500.00 in aghaidh an lítir

Ar aghaidh: Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe