Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)
Léargas ginearálta
Gearrtar Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) ar ghual, brícíní móna, móin mheilte agus móin eile a sholáthraítear sa Stát ar an 1 Bealtaine 2013 nó dá éis. Níl aon difreáil i gceist le rátaí laistigh de chatagóirí breosla soladaigh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil breoslaí ísealdeataigh agus breoslaí soladacha deataigh faoi réir an ráta CCBS céanna.
Níl adhmad ná táirgí adhmaid nach bhfuil aon chomhchuid breosla sholadaigh iontu faoi dhliteanas CCBS.
Tá an ráta cánach atá i bhfeidhm ar bhreosla soladach i gcomhréir leis an méid CO2 a astaítear nuair a dhóitear an breosla.
Tagann an dliteanas i leith an CCBS aníos ag an tráth a sholáthraítear an breosla sa Stát den chéad uair. Tá an soláthraí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith an CCBS agus í a íoc.
Sa chás go gceannaíonn agus go dtugann duine aonair breosla soladach isteach sa Stát, ní bheidh dliteanas cánach orthu ar an gcoinníoll:
- go n-úsáidtear an breosla dá n-úsáid phearsanta féin
- agus
- go ndéanann siad an breosla a thionlacan isteach sa Stát.
Má dhéanann an duine sin an breosla sin a sholáthar do dhuine eile sa Stát seachas é a úsáid dá úsáid nó húsáid féin:
- measfar go ndearna siad a chéad soláthar breosla sholadaigh mar sholáthraí sa Stát
- agus
- beidh siad faoi dhliteanas CCBS a íoc i leith an tsoláthair agus clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim dá réir.
Déanann na Coimisinéirí Ioncaim Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach a riar, a bhailiú agus a fhorfheidhmiú ar na chéad soláthairtí de breosla soladach sa Stát.
Déantar caighdeáin chomhshaoil do bhreoslaí soladacha a rialú ar leithligh faoi reachtaíocht a d'fhorfheidhmigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC), i gcomhar le húdaráis áitiúla. Tá na caighdeáin seo leagtha amach i Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir 1987 (Breoslaí Soladacha) 2022 (I.R. Uimh. 529 de 2022). Rinne na rialacháin breosla soladaigh nuashonrú ar reachtaíocht a tháinig roimhe, agus d'imigh i bhfeidhm ar 31 Deireadh Fómhair, 2022.
Neartaíonn na rialacháin nuashonraithe an creat rialála comhshaoil do bhreoslaí soladacha go suntasach. Cuireann siad oibleagáidí nua ar iompórtálaithe, táirgeoirí, pacálaithe, dáileoirí, mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí. Cuireann na rialacháin srian ar dhíol miondíola, ar líne agus tráchtála de bhreoslaí deataigh, lena n-áirítear gual deataigh, móna, agus adhmad fliuch.
Leanfaidh Údaráis Áitiúla de bheith freagrach as Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir 1987 (Breoslaí Soladacha) 2022 a fhorfheidhmiú agus sáruithe lena mbaineann.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach idirlín RCAC Clean Air.
Ar aghaidh: Soláthairtí breosla sholadacha incháinithe agus saor ó cháin