Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

Dliteanas

Tagann an dliteanas i leith na Cánach Carbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) aníos ag an tráth a sholáthraíonn soláthraí cainníocht breosla sholadaigh sa Stát den chéad uair.

Chun críocha CCBS, ciallaíonn soláthar sa Stát soláthar ó sholáthraí amháin bunaithe sa Stát chuig:

  • soláthraí eile bunaithe sa Stát
  • tomhaltóir sa Stát.

Nuair a sholáthraíonn soláthraí breosla soladach dóibh féin dá n-úsáid féin, áirítear seo mar chéad soláthar chomh maith.

Is duine cuntasach é an soláthraí faoi:

  • na hAchtanna Cánach Bhreisluacha (CBL) (is é sin, cláraithe le haghaidh CBL sa Stát)
  • duine incháinithe a sheolann gnó sa Stát faoin tairseach le haghaidh clárúchán CBL.

Aon duine atá cláraithe le haghaidh CBL nó aon duine incháinithe sa Stát agus a dhéanann a chéad soláthar breosla sholadaigh sa Stát:

  • is duine cuntasach é nó í i leith CCBS
  • agus
  • ní mór dó nó di clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha CCBS.

I gcás soláthraithe a thugann breosla soladach isteach sa Stát, nó atá á tháirgeadh sa Stát, lena dhíol ar aghaidh sa Stát, ba chóir dóibh clárú. I gcás trádálaithe breosla a fhaigheann a gcuid breosla uile ó phríomhsholáthraithe bunaithe sa Stát, ní gá dóibh clárú le haghaidh CCBS.  Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil siad ag fáil an bhreosla óna bpríomhsholáthraithe agus an cháin íoctha ina leith.

I gcás trádálaithe breosla a fhaigheann soláthairtí ó sholáthraí taobh amuigh den Stát, tagann dliteanas aníos nuair a sholáthraíonn siad an breosla sin ar aghaidh.  Ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun cuntas a thabhairt i leith CCBS agus í a íoc. Ní thagann aon dliteanas aníos nuair a cheannaíonn duine aonair breosla soladach agus go dtugann siad isteach sa Stát é ó sholáthraí taobh amuigh den Stát, ar an gcoinníoll:

  • go n-úsáidtear an breosla dá n-úsáid phearsanta féin
  • agus
  • go ndéanann siad an breosla a thionlacan isteach sa Stát.

Má sholáthraíonn an duine aonair sin an breosla do dhuine eile sa Stát seachas é a úsáid iad féin:

  • measfar go mbeidh a chéad soláthar breosla sholadaigh mar sholáthraí déanta aige nó aici sa Stát
  • beidh sé nó sí faoi dhliteanas an CCBS a íoc i leith an tsoláthair sin
  • agus
  • ní mór dó nó di clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim dá réir.

Dliteanas i leith an chéad soláthar de bhreosla soladach monaraithe

I gcás monaróirí breosla sholadaigh a dhéanann a gcéad soláthar breosla sholadaigh sa Stát, ní mór dóibh clárú le haghaidh CCBS. Gearrfar an CCBS ag an tráth a sholáthraíonn an monaróir an táirge breosla sholadaigh mhonaraithe sa Stát den chéad uair. Tá eolas breise ar fáil in SFCT Compliance Procedures Manual sa rannán monaróirí.

Dliteanas i leith an chéad soláthar móna agus táirgí móna

Beidh CCBS i gceist leis an gcéad soláthar móna agus táirgí móna lena úsáid mar bhreosla sa Stát.  Tá an CCBS inmhuirir ar an meáchan tonnáiste ag an gcéad soláthar.  Aon daoine atá páirteach i móin a asbhaint lena soláthar agus a dhéanann a gcéad soláthar den mhóin, tá siad faoi dhliteanas CCBS.

Aon daoine a dhéanann an mhóin a asbhaint dá n-úsáid féin, níl siad faoi dhliteanas na cánach CCBS agus ní gá dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.  Níl bhaineann an CCBS le móin agus táirgí móna a úsáidtear chun críocha neamhbhreosla, amhail múirín.

Ar aghaidh: Ráta cánach