Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

  1. Léargas ginearálta
  2. Soláthairtí breosla sholadacha incháinithe agus saor ó cháin
  3. Dliteanas
  4. Ráta cánach
  5. Clárúchán
  6. Tuairisceáin agus iocaíochtaí
  7. Faoisimh
  8. Taifid

Soláthairtí breosla sholadacha incháinithe agus saor ó cháin

Soláthairtí incháinithe

I measc na soláthairtí incháinithe tá céad soláthairtí sa Stát de ghual, móin, brícíní móna, móin mheilte agus móin eile.

Tá sainmhíniú ar ghual agus móin in Alt 77 den Acht Airgeadais, 2010 agus gearrtar muirear orthu in aghaidh an tonna an táirge. Áirítear i ngual chomh maith aon táirge eile fuinnimh i bhfoirm sholadach taobh istigh de mhíniú Article 2.1 of the Energy Directive 2003/96/EC.

Soláthairtí saor ó cháin

Nuair a sholáthraítear breosla soladach den chéad uair lena úsáid mar amhábhar chun táirge breosla sholadaigh a mhonarú, níl CCBS inmhuirir ar an gcoinníoll:

  • go bhfuil tréithe ag an táirge breosla sholadaigh atá leithleach ón mbreosla soladach ónar táirgeadh é
  • agus
  • go bhfaigheann an soláthraí Foirm Dhearbhaithe chomhlánaithe ina hiomláine ón monaróir roimh dóibh gach soláthar a dhéanamh.

Ní mór don mhonaróir taifid leordhóthanacha a choinneáil agus úsáid soláthairtí saor ó cháin den chineál sin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • Sonraí faoin bpróiseas monaraithe i leith gach táirge breosla sholadaigh.
  • Tionchair an phróisis monaraithe ar thréithe an bhreosla sholadaigh a úsáidtear leis an táirge breosla sholadaigh a mhonarú.
  • Cóip den dearbhú a tugadh don soláthraí.

Éiríonn an CCBS de bheith dlite nuair a chéadsoláthraíonn an monaróir an táirge breosla sholadaigh féin sa Stát. Is é an monaróir a dhéanann an chéad soláthar atá freagrach as agus atá faoi dhliteanas ráta CCBS an táirge críochnaithe a cuireadh i bhfeidhm a íoc.

Tá eolas breise ar fáil in SFCT Compliance Procedures Manual sa rannán treoir bhreise.

Ar aghaidh: Dliteanas