Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

Tuairisceáin agus iocaíochtaí

Bailítear an Cháin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) ar bhonn féinmheasúnaithe. Ní mór don duine atá faoi dhliteanas an CCBS a íoc a ndliteanas a mheas agus tuairisceán agus íocaíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an mbonn sin. Féadfaidh sé go mbeidh an tuairisceán faoi réir iniúchta agus seiceálacha comhlíontachta ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór do sholáthraithe breosla dliteanacha tuairisceán a thíolacadh agus a íoc i ngach tréimhse dhémhíosúil faoi dheireadh an lae dheireanaigh den mhí dá éis. Mar shampla, an dáta dlite le haghaidh na tréimhse Eanáir–Feabhra ná an 31 Márta.

Ní mór go n-áireofaí ar an bhFoirm Tuairisceáin agus Dhearbhaithe SFCT1 an chainníocht agus catagóirí na mbreoslaí soladacha a cháilíonn don fhaoiseamh ag an bhfoinse. Ba chóir go n-áireofaí i dtuairisceáin sonraí ar an mbreosla soladach a soláthraíodh saor ó cháin lena úsáid mar amhábhar chun an táirge breosla sholadaigh a mhonarú.

Mura bhfuil aon soláthairtí breosla sholadaigh le linn tréimhse, ba chóir Tuairisceán Nialasach a thíolacadh.

Gearrtar ús ar íocaíocht dhéanach ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dhlite.

Má loiceann soláthraí an tsuim dhlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriam, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Cén chaoi le tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh

Ba chóir do sholáthraithe atá cláraithe le haghaidh ROS tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar ROS.

Féadann soláthraithe nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS tuairisceán a thíolacadh ach an Fhoirm Tuairisceáin agus Dhearbhaithe SFCT1 a úsáid. Ba chóir an tuairisceán comhlánaithe a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ag úsáid M’Fhiosruithe atá ar fáil ar moChúrsaí. De rogha air sin, féadtar tuairisceáin chomhlánaithe a sheoladh tríd an bpost chuig Rannóg an Ard-Bhailitheora.

Féadann soláthraithe íocaíochtaí CCBS a dhéanamh ar moChúrsaí.

Ar aghaidh: Faoisimh