Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

Faoisimh

Faoiseamh i leith tháirgí bithmhaise

Is é an sainmhíniú ar bhithmhais ná foinse fuinnimh in-athnuaite ó ábhair planda nó ainmhí beo nó a bhí beo le déanaí agus a fhéadtar a úsáid mar bhreosla.

Ón 1 Samhain 2016, tá páirtfhaoiseamh ón gCáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) i gceist le táirgí bithmhaise. Is é an sainmhíniú ar tháirgí bithmhaise ná “aon táirge breosla sholadaigh a bhfuil cion bithmhaise 30% nó níos mó ann”. Braitheann ráta an fhaoisimh a ghearrtar ar tháirge bithmhaise ar chion bithmhaise an táirge sin.

Féach an leathanach Ráta Cánach le haghaidh rátaí reatha an fhaoisimh a bhaineann le táirgí breosla sholadaigh a bhfuil bithmhais iontu.

Leagtar amach sna rialacháin (S.I. No. 529 of 2022) na riachtanais reachtúla le táirgí bithmhaise a shainaithint agus a mharcáil. Baineann an faoiseamh páirteach le céadsoláthairtí breosla sholadaigh a chomhlíonann na riachtanais reachtúla maidir le táirgí bithmhaise.

Féadann an soláthraí an faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na táirgí bithmhaise soláthraithe leis na riachtanais. Ní mór don soláthraí na taifid uile, lena n-áirítear deimhniú an chion bithmhaise, a choinneáil le haghaidh cigireachta ó na Coimisinéirí Ioncaim mar is cuí.

Nuair a fheidhmítear an faoiseamh ag an bhfoinse, ní mór don soláthraí suim agus catagóir an táirg bithmhaise soláthraithe a dhearbhú ar an bhFoirm Tuairisceáin agus Dhearbhaithe SFCT1. Coinníonn an soláthraí cuntas i leith an CCBS agus íocann é i leith an táirge bithmhaise atá i gceist ag an ráta laghdaithe sonraithe bunaithe ar chion na bithmhaise.

Faoisimh i leith comhghiniúint leictreachais

Tá faoiseamh iomlán ón CCBS infheidhme ar bhreosla soladach a sholáthraítear le húsáid go heisiach i nginiúint leictreachais (seachas comhghiniúint teasa agus cumhachta in éineacht (TCÉ)).

Féadann an soláthraí an faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Tá na sonraí uile ar fáil i rannán na bhfaoiseamh den SFCT Compliance Procedures Manual.

Faoiseamh do shealbhóirí ceadúnais astaíochtaí gáis ceaptha teasa

Tá faoiseamh iomlán i bhfeidhm ar mhóin a sheachadtar le húsáid i suiteáil clúdaithe ag ceadúnas astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Ní mór don cheadúnas seo a bheith eisithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Tá faoiseamh páirteach i bhfeidhm ar ghual a sheachadtar le húsáid i suiteáil clúdaithe ag ceadúnas astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Gearrtar cáin ar an ngual i gceist ag an íosmhéid ceadaithe ag Treoir an Aontais Eorpaigh (AE) i leith na Cánach Fuinnimh – is é sin €4.18 in aghaidh an tonna.

Féadann an soláthraí an faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Tá na sonraí uile ar fáil i rannán na bhfaoiseamh  den SFCT Compliance Procedures Manual.

Faoiseamh don Chomhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht (CA TCÉ)

Ón 1 Eanáir 2017, tá faoiseamh iomlán ón CCBS infheidhme i leith breosla soladach (móin san áireamh) a úsáidtear in CA TCÉ neamhdhíobhálach don chomhshaol. Bhí faoiseamh páirteach ann suas le deireadh 2016. Baineann an faoiseamh ón CCBS leis an sciar den bhreosla a úsáidtear in TCÉ chun leictreachas ardéifeachtúil a ghiniúint.

Tá eolas breise ar an bhfaoiseamh seo ar fáil sa rannán Comhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht den suíomh idirlín.

Faoisimh CCBS eile

Tá faoiseamh iomlán infheidhme ar bhreosla soladach a sheachadtar lena úsáid mar seo:

  • i ndí-ocsaídiú ceimiceach
  • i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha
  • faoi shocraíochtaí taidhleoireachta sa Stát.

Feidhmítear na faoisimh thuasluaite trí aisíocaíocht leis an tomhaltóir. Ní mór don tomhaltóir éileamh a dhéanamh taobh istigh de sé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

I gcás na chéad soláthairtí breosla sholadaigh uile a cháilíonn do na faoisimh thuasluaite, is é an soláthraí atá faoi dhliteanas an CCBS a íoc. 

Ar aghaidh: Taifid