Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Léargas ginearálta

Tháinig an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) i bhfeidhm an 01 Bealtaine 2018 agus tá sé i bhfeidhm ar dheochanna uisce-bhunaithe agus deochanna sú-bhunaithe. Cuireadh le scóip na cánach le feidhm ó 01 Eanáir 2019 le go gcuirfí san áireamh deochanna áirithe próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu.

Feidhmítear an CDSM ar an gcéad soláthar sa Stát de dheochanna siúcra-mhilsithe. Tá an soláthraí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith na cánach agus í a íoc. Feidhmítear an cháin ar dheochanna uisce-bhunaithe agus deochanna sú-bhunaithe a bhfuil siúcra breise iontu agus cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear.

Ó 01 Eanáir 2019, tá an CDSM i bhfeidhm chomh maith ar chatagóirí áirithe deochanna próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu. Tá an CDSM i bhfeidhm ar na deochanna seo chomh maith mura bhfuil leibhéal cailciam 119 milleagram ar a laghad in aghaidh an 100 millilítear iontu. Féadfaidh na táirgí atá faoi dhliteanas na cánach a bheith bhfoirm réidh le tomhailt nó i bhfoirm dhlúth.

Oibríonn an cháin mar dhleacht mháil agus déantar í a riar ar bhonn féinmheasúnaithe. Iarrtar ar sholáthraithe clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gcéad soláthar a dhéanamh de dheochanna siúcra-mhilsithe sa Stát. Ní mór dóibh tuairisceáin a thíolacadh laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a ndearnadh na soláthairtí lena linn.

Tá faoiseamh ón gcáin ar fáil sa chás go soláthraítear taobh amuigh den Stát, ar bhonn tráchtála, deochanna siúcra-mhilsithe a fhaightear sa Stát.

Chun cáiliú don fhaoiseamh seo, is gá do ‘easpórtálaithe’ clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh sholáthairtí a dhéanamh taobh amuigh den Stát.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Deochanna siúcra-mhilsithe incháinithe