Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Deochanna siúcra-mhilsithe incháinithe

Cé acu táirgí atá incháinithe?

Tá deochanna réidh le tomhailte faoi dhliteanas na Cánach ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) má chomhlíonann siad trí chritéir, is é sin:

  • go bhfuil siad aicmithe i gceannteidil shainiúla an Combined Nomenclature (CN) of the European Union. Clúdaíonn na ceannteidil chuí CN 2009 agus CN 2202 súnna agus uisce agus deochanna sú-bhunaithe araon.
  • go bhfuil siúcra breise iontu.
  • nach mór cion iomlán siúcra na dí a bheith 5 ghram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear.

Suas le 01 Eanáir 2019, bhí eisiamh sonrach ó scóip an CDSM ag deochanna próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu agus a thagann faoin gCód CN 2202. Ón 01 Eanáir 2019, leanfar de na deochanna seo a eisiamh ón gcánachas má chomhlíonann siad tairseach íosta cion cailciam. Níl na deochanna seo faoi réir an CDSM sa chás go léirítear ar an bhfaisnéis ar an lipéad go bhfuil cion cailciam 119 milleagram ar a laghad in aghaidh an 100 millilítear iontu.

Folaítear na deochanna seo a leanas i measc na samplaí de dheochanna siúcra-mhilsithe atá réidh le tomhailt faoi na ceannteidil Cóid CN 2202 agus 2009:

  • uisce blaistithe
  • deochanna carbónáitithe
  • deochanna fuinnimh nó spóirt
  • deochanna sú-bhunaithe
  • deochanna a bhfuil saillte bainne iontu agus a bhfuil níos lú ná 119 milleagram cailciam in aghaidh an 100 millilítear iontu (ó 01 Eanáir 2019)
  • deochanna soighe-, gránaigh-, síolta- nó cnó-bhunaithe a bhfuil níos lú ná 119 milleagram cailciam in aghaidh an 100 millilítear iontu (ó 01 Eanáir 2019 ar aghaidh)

ina bhfuil siúcra breise agus cion iomlán siúcra de chúig ghram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear.

Tá eisiamh ó dhliteanas ag táirgí áirithe a thagann faoi na fo-cheannteidil CN 2202. Folaíonn siad seo:

  • beoracha agus fíonta saor ó alcól
  • táirgí a bhfuil an lipéad forbhianna orthu.

Chomh maith leis sin, aon táirgí atá eisiata ó dhualgais lipéadaithe bia AE ar bhonn a dtáirgeachta beagscála, níl siad faoi dhliteanas na cánach. 

Is éard is Deochanna Dlútha Siúcra-Mhilsithe ann ná substaintí soladacha nó leachtacha a dteastaíonn a ullmhú chun deochanna réidh le tomhailt a tháirgeadh.

Is éard atá i gceist le hullmhú ná ceann amháín dóibh seo a leanas a chur leis an tsubstaint:

  • uisce
  • oighear
  • dé-ocsaíd charbóin

de réir threoracha an déantóra.

Tá táirgí dlútha faoi dhliteanas an CDSM de réir na gcritéar céanna agus deochanna atá réidh le tomhailt.

Seo thíos samplaí de Dheochanna dlútha Siúcra-Mhilsithe:

  • táirgí dlútha beartaithe le hullmhú ag leibhéal lónadóireachta chun deochanna réidh le tomhailt a tháirgeadh a sholáthraítear go díreach leis na tomhaltóirí deiridh. Samplaí is ea dlútháin iarmheasctha a sholáthraítear do phictiúrlanna agus bialanna.
  • táirgí dlútha beartaithe le haghaidh ullmhú ‘baile’ chun deochanna réidh le tomhailt a tháirgeadh. Is samplaí iad scuaiseanna, coirdiail agus síoróipí blaistithe.

Feidhmítear ar tháirgí dlútha chomh maith na heisiaimh ó raon na cánach a bhaineann le deochanna réidh le tomhailt.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Dliteanas