Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Taifid

Ní mór na taifid Deochanna Dlútha Siúcra-Mhilsithe, agus tuilleadh eile nach iad, a choinneáil:

  • leabhair
  • cuntais
  • sonraisc
  • orduithe seachadta agus ceannaigh
  • doiciméid iompair
  • doiciméid dáileacháin
  • taifid stoic
  • aitheantóirí monarchan
  • uimhreacha líne
  • sonraí lipéadaithe baisce
  • eolas sonrach táirge a bhaineann le bonn an mheasúnaithe
  • taifid an dáileora iarmheasctha
  • taifid Díolphointí Leictreonacha (EPOS)
  • sonraí idirbhirt easpórtála.

Ní iarrtar ar sholáthraithe an CDSM a aithint mar líne ar leithligh ar shonraisc chuig custaiméirí. Iarrtar orthu, áfach, gach taifead a bhaineann leis an gcáin a choinneáil agus iad seo a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrtar a leithéid a dhéanamh.

Ní mór cuntais agus taifid a bhaineann leis an gcáin a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana. Féadtar iad a choinneáil i bhformáid leictreonach, ar an gcoinníoll go bhféadtar iad a tháirgeadh nuair a iarrtar iad i bhfoirm phriontáilte.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.