Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Dliteanas

Cén uair a fheidhmítear an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)?

Tagann dliteanas i leith CDSM aníos nuair a dhéanann soláthraí soláthar sa Stát, den chéad uair, ar chainníocht deochanna siúcra-mhilsithe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an táirgeoir nó an t-iompórtálaí ag soláthar do dhuine eile deochanna incháinithe a tugadh isteach nó a táirgeadh sa Stát. Agus an chéad soláthar seo á dhéanamh sa Stát, éiríonn an táirgeoir nó an t-iompórtálaí de bheith ina Sholáthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM).

Féadann an chéad soláthar sa Stát a bheith ag leibhéal mórdhíola nó miondíola. Má fhaightear na deochanna incháinithe taobh amuigh den Stát, is é an duine a dhéanann an chéad soláthar sa Stát atá ina sholáthraí dliteanach.

Níl ach na chéad soláthairtí sa Stát faoi dhliteanas na cánach. Ní soláthairtí dliteanacha iad an dara soláthar agus soláthairtí ina dhiaidh sin. Má tá mórdhíoltóir nó miondíoltóir ag soláthar earraí a fuair siad sa Stát ó:

  • tháirgeoir
  • iompórtálaí

ní soláthraithe dliteanacha iad.

Is é an SDSM a dhéanann an chéad soláthar atá faoi réir cuntas a thabhairt i leith SDSM agus í a íoc. Tagann an dliteanas aníos nuair a dhéantar an chéad soláthar sa Stát. Is é seo an pointe ag a n-aistríonn an soláthraí úinéireacht, nó an ceart na hearraí a dhiúscairt, mar úinéir, chuig duine eile. Tá dliteanas i leith CDSM i gceist fós le chéad soláthairtí a dhéantar saor ó tháille.

Ní mheastar gur soláthairtí dliteanacha iad chéad soláthairtí idir cuideachtaí gaolmhara (mar a shainítear iad in Acht na gCuideachtaí, 2014).

Ní áirítear mar an gcéad soláthar sa Stát é Deochanna Siúcra-Mhilsithe a iompórtáil isteach sa Stát. Ar an gcaoi chéanna ní éiríonn dliteanas i leith CDSM aníos i gcás deochanna siúcra-mhilsithe a táirgeadh sa Stát.

Cé atá faoi dhliteanas an CDSM?

Éiríonn an dliteanas CDSM aníos ar an gcéad soláthar sa Stát de dheochanna réidh le tomhailt siúcra-mhilsithe nó dlútha ag SDSM. Tá an SDSM cuntasach i leith na cánach agus ní mór dóibh í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is éard atá in SDSM ná:

  • duine cuntasach faoi na hAchtanna Cánach Breisluacha (CBL) 
  • duine incháinithe é ag déanamh gnó faoin tairseach i leith clárúchán CBL.

Cén chaoi a mbailítear CDSM?

Bailítearr an cháin seo ar bhonn féinmheasúnaithe. Ciallaíonn sé nach mór don duine atá faoi dliteanas an cháin a íoc a ndliteanas canach a mheasúnú agus tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh ar an mbonn sin. Tá an tuairisceán faoi réir iniúchadh agus seiceálacha comhlíontachta ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén chaoi a ngearrtar cáin ar an gcéad soláthar de dheochanna siúcra-mhilsithe taobh amuigh den Stát?

Nuair a dhéantar an chéad soláthar de dheochanna siúcra-mhilsithe le duine nó le gnóthas lonnaithe taobh amuigh den Stát, níl an soláthar sin faoi dhliteanas an CDSM.

Má tá an custaiméir ag easpórtáil earraí a fuarthas sa Stát, féadfaidh sé go bhfuil siad incháilithe le haghaidh faoiseamh iníoctha ag aisíocaíocht.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Ráta cánach