Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Clárúchán

Cé is gá clárú mar Sholáthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM)?

  • Mórdhíoltóirí ag déanamh a gcéad soláthairtí sa Stát de dheochanna incháinithe a fuair siad taobh amuigh den Stát.
  • Miondíoltóirí ag déanamh a gcéad soláthairtí sa Stát de dheochanna incháinithe a fuair siad taobh amuigh den Stát.
  • Táirgeoirí ag déanamh a gcéad soláthairtí sa Stát de dheochanna incháinithe a tháirgeann siad sa Stát.

Cé nach gá clárú mar Sholáthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM)?

  • Mórdhíoltóirí nó miondíoltóirí ag déanamh soláthairtí de dheochanna incháinithe a fuair siad sa Stát.
  • Mórdhíoltóirí nó táirgeoirí sa Stát nach ndéanann soláthairtí ach amháin le custaiméirí taobh amuigh den Stát.
  • Táirgeoirí sa Stát ag déanamh soláthairtí DSM eisiata ó dhualgais lipéadaithe bia AE ar bhonn a dtáirgeachta beagscála. 

Cé is gá clárú mar Easpórtálaí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (EDSM)?

  • Mórdhíoltóirí agus dáileoirí a fuair deochanna incháinithe sa Stát agus a sholáthair iad ina dhiaidh sin, ar bhonn tráchtála, taobh amuigh den Stát. Chun faoiseamh a éileamh i leith soláthairtí taobh amuigh den Stát, ní mór an mórdhíoltóir nó dáileoir a bheith cláraithe mar EDSM.

Cé nach gá clárú mar Easpórtálaí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (EDSM)?

  • Táirgeoirí sa Stát nach ndéanann soláthairtí ach amháin le custaiméirí taobh amuigh den Stát.
  • Mórdhíoltóirí agus dáileoirí sa Stát nach ndéanann soláthairtí taobh amuigh den Stát ach amháin ar dheochanna nach bhfuarthas sa Stát.

Cén chaoi le clárú

Tá na próisis clárúcháin EDSM agus EDSM ar fáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór an clárúchán a bheith comhlánaithe roimh thús a chur le heaspórtálacha a sholáthar den chéad uair.

Clárú mar SDSM agus mar EDSM

Teastaíonn clárúcháin éagsúla le haghaidh Soláthraithe agus Easpórtalacha Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM agus EDSM). Níl sé indéanta iarratas amháin a thíolacadh chun clárú mar SDSM agus mar EDSM. Ní mór dóibh siúd ar gá clárú mar an dá cheann araon iarratais ar leithligh a thíolacadh.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Tuairisceáin agus íocaíochtaí