Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Tuairisceáin agus íocaíochtaí

Iarrtar ar gach Soláthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM):

  • tuairisceán a thíolacadh
  • agus
  • aon dliteanas a íoc

tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Mura bhfuil aon soláthairtí déanta ag soláthraí cláraithe sa tréimhse chuntasaíochta, ní mór tuairisceán 'nialasach' a thíolacadh.

Gearrtar ús ar íocaíocht dhéanach ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dhlite.

Má loiceann cáiníocóir an méid dlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriaim, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Na sonraí a theastaíonn ar thuairisceán CDSM

Iarrtar ar sholáthraithe tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar líne trí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Sa chás go bhfuil soláthairtí deochanna incháinithe réidh le tomhailt déanta ag soláthraí le linn na tréimhse cuntasaíochta, teastaíonn an méid seo a leanas ar an tuairisceán:

  • Toirt de gach deoch réidh le tomhailt a bhfuil cion iomlán siúcra de cúig ghram ach níos lú ná ocht ngram in aghaidh an 100 millilítear inti. Is é seo an toirt de dheochanna réidh le tomhailt atá faoi dhliteanas an ráta níos ísle CDSM.
  • Toirt de gach deoch réidh le tomhailt a bhfuil cion iomlán siúcra de ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear inti. Is é seo an toirt de dheochanna réidh le tomhailt atá faoi dhliteanas an ráta níos ísle CDSM.

I gcás soláthairtí táirgí dlútha, ní mór don soláthraí ríomh a dhéanamh ar an toirt de dheochanna réidh le tomhailt atá mar thoradh ar iad a ullmhú. Ní mór don soláthraí an toirt seo de dheochanna réidh le tomhailt a áireamh ar an tuairisceán, agus ní an toirt de tháirgí dlútha a sholáthraíodh.

Chun an ráta cánach a shocrú, is gá don soláthraí cion iomlán siúcra na dí a dheimhniú atá mar thoradh ón táirge dlúth a ullmhú.

Is mar seo a leanas a theastaíonn na sonraí ar an tuairisceán do Dheochanna Siúcra-Mhilsithe dlútha:

  • Toirt na ndeochanna réidh le tomhailt, a bheadh mar thoradh ar na táirgí dlúth soláthartha a ullmhú a bhfuil:
    • cion iomlán siúcra cúig ghram iontu ach níos lú ná ocht ngram in aghaidh an 100 millilítear
    • cion iomlán siúcra de ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu.

Mar shampla, tá na méideanna go léir soláthairtí ar an tuairisceáin tíolactha i heictilítir. Is ionann heictilítir amháin agus 100 lítear.

Sampla

Sholáthair soláthraí deich heictilítear de Dheochanna Siúcra-Mhilsithe dlútha le linn tréimse chuntasaíochta.

Léirítear i dtreoracha an déantóra go mbeadh 100 heictilítear de dheochanna réidh le tomhailt mar thoradh ar deich heictilítear de dhlúthán. Léirítear san eolas cothúcháin, go mbeadh cion iomlán siúcra deich ngram in aghaidh an 100 millilítear sna deochanna ullmhaithe.

Ní mór don soláthraí 100 heictilítear ag an mbanda níos airde cánach a áireamh ar an tuairisceán. 

Is in heictilítear a luaitear gach toirt soláthairtí ar an tuairisceán. Is ionann aon heictilítear agus 100 lítear.

Faoiseamh i leith earraí aisdúichithe

Féadtar faoiseamh a fheidhmiú sa chás go dtugtar ar ais don soláthraí earraí a bhfuil an CDSM tíolactha agus íoctha ag an soláthraí ina leith. Féadann soláthraithe an faoiseamh seo a éileamh ar a dtuairisceán CDSM.

Cén chaoi le tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh

  • Ní mór do sholáthraithe cláraithe tuairisceáin a thíolacadh ar ROS.
  • Féadtar íocaíochtaí CDSM a dhéanamh trí ROS nó trí moChúrsaí.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Faoisimh