Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)

Ráta cánach

Feidhmmionn an Cháin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM) ar bhonn toirtmhéadrach ag ceann amháin de na rátaí seo a leanas:

  • €16.26 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra de cúig ghram nó níos mó iontu, ach níos lú ná ocht ngram, in aghaidh an 100 millilítear.
  • €24.39 an heictilítir ar dheochanna a bhfuil cion iomlán siúcra de ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu.

Tána rátaí seo ag brath ar chion iomlán siúcra na foirme 'réidh le tomhailt' den deoch shiúcra-mhilsithe.

Bonn measúnaithe

Bunaítear an ráta infheidhmithe CDSM ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear ar

  • lipéad an táirge
  • phacáistiú an táirge
  • cáipéisíocht atá in éineacht leis.

Teastaíonn an fhaisnéis seo a sholáthar de réir dhlí an AE. Den chuid is mó, cuirtear i láthair é i bhfoirm tábla d’fhíricí cothaithe.

Más rud é go bhfuil cion iomlán siúcra ag deoch réamhphacáistithe, réidh le tomhailt de:

  • cúig ghram, ach níos lú ná ocht ngram in aghaidh an 100 millilítear ,gearrtar an ráta níos ísle CDSM.
  • ocht ngram nó níos mó, in aghaidh 100 millilítear, gearrtar an t-ardráta CDSM.

I gcás táirgí dlútha, bunaítear an cion iomlán siúcra ó fhaisnéis chothaithe don deoch réidh le tomhailt a ullmhaíodh de réir treoracha lipéadaithe.

Mar shampla, sonraítear ar lipéad táirge dlúth caolú a dhéanamh chun deoch a ullmhú a bhfuil cion iomlán siúcra de sé ghram in aghaidh an 100 millilítear inti. Beidh an táirge dlúth faoi dhliteanas an ráta níos ísle CDSM.

Dá sonraítear ar threoracha deoch ullmhaithe go bhfuil cion iomlán siúcra de deich ngram in aghaidh an 100 millilítear inti, ghearrfar an t-ardráta CDSM.

Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an gCáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM), féach ar an rannán Treoir Bhreise.

Ar aghaidh: Clárúchán