Cáin ar Dheochanna Siúcra-Mhilsithe (CDSM)
Faoisimh
Faoiseamh ó CDSM i gcás soláthairtí a rinneadh taobh amuigh den Stát
Tá faoiseamh iomlán ar fáil, sa chás go bhfaightear DSManna sa Stát tar éis 1 Bealtaine 2018, agus go soláthraítear ina dhiaidh sin, iad ar bhonn tráchtála taobh amuigh den Stát.
Ní mór don 'easpórtálaí' atá ag déanamh an tsoláthair taobh amuigh den Stát a bheith cláraithe roimh ré leis na Coimisinéirí Ioncaim mar Easpórtálaí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (EDSM). Nuair atá siad cláraithe, féadann EDSManna faoiseamh a éileamh i leith earraí a sholáthraítear taobh amuigh den Stát ach ROS a úsáid.
Oibríonn an faoiseamh ar bhonn aisíocaíochta don EDSM a meastar an cháin a bheith íoctha acu ar na hearraí a fuarthas sa Stát.
Éilimh ar fhaoiseamh i leith soláthairtí a dhéantar taobh amuigh den Stát
Féadtar éilimh a dhéanamh ó:
- mí amháin,tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndearnadh na soláthairtí
- nó
- nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndearnadh na soláthairtí.
Is ó 1 Bealtaine 2018 go 30 Meitheamh 2018 an chéad tréimhse chuntasaíochta a bhféadtar éilimh a dhéanamh ina leith. Féadann EDSManna cláraithe a dhéanann soláthairtí cuí taobh amuigh den Stát le linn na tréimhse seo éileamh aisíocaíochta a thíolacadh ó 1 Lúnasa 2018.
Ó 1 Eanáir 2019, tá deochanna áirithe próitéiní plandúla agus deochanna a bhfuil saillte bainne iontu, faoi dhliteanas an CDSM. Ní cháilíonn aon deochanna a fhaightear roimh 1 Eanáir 2019 le haghaidh faoisimh i leith soláthairtí taobh amuigh den Stát.
Teastaíonn na sonraí seo a leanas maidir le soláthairtí taobh amuigh den Stát ar an bhfoirm éilimh EDSM ar líne:
- toirt i heictilítir de dheochanna réidh le tomhailt a bhfuil cion iomlán siúcra de:
- Cúig ghram ach níos lú ná ocht ngram in aghaidh an 100 millilítear iontu.
- Ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu.
- toirt i heictilítir de dheochanna réidh le tomhailt a bheadh mar thoradh ar tháirgí dlútha soláthartha a ullmhú a bhfuil:
- Cion iomlán siúcra de cúig ghram ach níos lú ná ocht ngram in aghaidh an 100 millilítear iontu.
- Cion iomlán siúcra de ocht ngram nó níos mó in aghaidh an 100 millilítear iontu.
Chomh maith leis sin, iarrfar ar EDSManna doiciméad achoimre a uaslódáil agus sonraí ann faoi easpórtalacha cuí le linn na tréimhse cuntasaíochta. Beidh na sonraí a sholáthraítear faoi réir seiceálacha fíorúcháin ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Má thugtar ar ais don 'easpórtálaí' ina dhiaidh aon deochanna faoi fhaoiseamh cánach, ní mór don 'easpórtálaí' méid an fhaoisimh a éilíodh a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Faoiseamh i leith deochanna siúcra-mhilsithe a tugadh ar ais do sholáthraithe
Féadtar faoiseamh a éileamh sa chás go dtugtar ar ais don soláthraí earraí a bhfuil an CDSM tíolactha agus íoctha ag an soláthraí ina leith. Féadtar é seo a áireamh sa tuairisceán ar líne do sholáthairtí deochanna siúcra-mhilsithe. Féach Tuairisceáin agus íocaíochtaí.
Le haghaidh mioneolais maidir leis na nósanna imeachta um Chomhlíontachta leis an CDSM, féach ar an rannán Treoir bhreise.
Ar aghaidh: Taifid