Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Léargas ginearálta

Tugadh isteach an Cháin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN) in Éirinn ar an 1 Bealtaine 2010 agus baineann sé le gach soláthar gáis nádúrtha do thomhaltóirí. Ón 1 Eanáir 2017, ní bhaineann an CCGN le gás nádúrtha a sholáthraítear mar bhreosla i mótarfheithicil. Tugtar 'gás feithicle' ar ghás nádúrtha a sholáthraítear mar bhreosla i mótarfheithicil, agus tá sé faoi dhliteanas Cánach Ola Mianra (COM).

Tá an ráta CCGN i gcomhréir leis an tsuim CO2 a astaítear nuair a dhóitear an gás nádúrtha.  

Féadtar gás nádúrtha a storáil agus a iompar ar bhealaí éagsúla, amhail mar Ghás Nádúrtha Leachtaithe (GNL) agus mar Ghás Nádúrtha Comhbhrúite (GNC). Baineann CCGN, nó COM i gcás gáis feithicle, le gach soláthar gáis nádúrtha is cuma cén cineál stórála nó modha iompair a úsáideadh.

Ar aghaidh: Dliteanas