Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Faoisimh

Faoisimh a fhéadtar a fheidhmiú ag an bhfoinse

Tugtar faoiseamh iomlán ón gcáin le haghaidh gás nádúrtha a léirítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur soláthraíodh é:

  • chun leictreachas a ghiniúint agus chuige sin amháin (gan comhghiniúint teasa agus cumhachta (tcé)
  • le haghaidh dí-ocsaídiú ceimiceach
  • i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha.

Féadann soláthraí an faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse bhfoinse bunaithe ar dhearbhú comhlánaithe ag an tomhaltóir. Ní mór don tomhaltóir an dearbhú Exempt Purposes declaration a chomhlánú i leith an gáis nádúrtha a cháilíonn le haghaidh faoisimh. Ní mór an dearbhú comhlánaithe a sheoladh chuig an soláthraí, agus ní mór cóip scanta a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe.

Ní fhéadann an soláthraí faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse ach amháin nuair a fhaigheann an soláthraí dearbhú iomlán roimh ré. I ngach cás eile, ní mór don tomhaltóir an faoiseamh a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Má thugann tomhaltóir:

  • eolas bréagach
  • eolas míthreorach

do sholáthraí, is é an tomhaltóir seachas an soláthraí a bheidh faoi dhliteanas as aon cháin a bheith gearríoctha.

Comhghiniúint Cumhachta is Teasa in Éineacht (CTÉ)

Níl gás nádúrtha a úsáidtear mar bhreosla do ghléasra TCÉ incháilithe don fhaoiseamh.

Comhghiniúint ardéifeachtúil teasa is cumhachta in éineacht (CA TCÉ)

Tá faoiseamh iomlán ón CCGN ann le haghaidh gás nádúrtha a úsáidtear in CA TCÉ neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá sonraí iomlána faoin bhfaoiseamh seo ar fáil sa rannán Comhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht.

Faoiseamh páirteach do Shealbhóirí Ceadúnais Astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa

Tá faoiseamh páirteach ar fáil do Shealbhóirí Ceadúnais Astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa. Deonaítear an faoiseamh le haghaidh gás nádúrtha a sheachadtar le húsáid i monarcha atá clúdaithe ag ceadúnas astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Ní mór don cheadúnas seo a bheith eisithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. 

Gearrfar cáin ar an ngás nádúrtha ag íosráta sonraithe ag an Treoir um Cháin ar Fhuinneamh ón AE. Tá an t-íosráta sonraithe ag €0.54 an uair meigeavata ag an luach calrach comhlán.  

Féadann soláthraí an faoiseamh seo a fheidhmiú ag an bhfoinse bunaithe ar dhearbhú comhlánaithe ag an sealbhóir ceadúnais. Ní mór don sealbhóir ceadúnais an dearbhú Greenhouse gas emissions permit holders declaration a chomhlánú i leith an gás nádúrtha a cháilíonn don fhaoiseamh. Ní mór an dearbhú comhlánaithe a sheoladh chuig an soláthraí, agus ní mór cóip scanta a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe.

Ní fhéadann an soláthraí faoiseamh a fheidhmiú ag an bhfoinse ach amháin nuair a fhaigheann an soláthraí dearbhú roimh an soláthar. I ngach cás eile, ní mór don tomhaltóir an faoiseamh a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Má thugann tomhaltóir:

  • eolas bréagach
  • míthreorach

do sholáthraí, is é an tomhaltóir seachas an soláthraí a bheidh faoi dhliteanas as aon cháin a bheith gearríoctha.

Ar aghaidh: Taifid