Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Rátaí cánach

Leasaíodh an reachtaíocht maidir le ráta CCGN san Acht Airgeadais, 2020. Ón 1 Bealtaine 2021 cuirtear an ráta CCGN in iúl i reachtaíocht mar Luach Calrach Comhlán (LCC). Ón dáta sin, ní gá a thuilleadh comhshó ón ráta Glanluach Calrach (GLC) go ráta Luach Calrach Comhlán (LCC) do thuairisceáin CCGN chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

  • Ón 1 Bealtaine 2025 ar aghaidh, tá ráta €11.48 in aghaidh an MWh ag LCC i bhfeidhm. Tá an méadú seo bunaithe ar an méid a ghearrtar in aghaidh an tonna de dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a astaítear ag méadú ó €56.00 go €63.50.
  • Roimhe seo, ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 30 Aibreán 2025, bhíodh ráta €10.13 ag LCC (€11.23 ag GLC) in aghaidh na huaire meigeavata i bhfeidhm. Tá an ráta seo bunaithe ar mhuirear carbóin €56.00 an tonna CO2 a astaítear nuair a dhóitear an gás nádúrtha.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na rátaí CCGN reatha agus na rátaí a bhí ann roimhe seo. Áirítear sa tábla chomh maith fachtóirí tiontaithe a úsáidtear le tiontú ó LCC go dtí GLC.

Rátaí reatha agus roimhe seo maidir le Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha
Ráta éifeachtach óFachtóir Tiontaithe Ráta LCC go GCLSoláthar arna Thomhas agCCGN in aghaidh an MWh
01/05/2024 go dtí an 30/04/2025 0.9017 LCC €10.13
GLC €11.23
01/05/2025 0.9017 LCC €11.48
GLC €12.73
Ríomh ráta reatha CCGN (Luach Calrach Comhlán an Uair Meigeavata)

55,738 (a) * 0.003246 (b) * €0.0635 (c) = €11.48

a

Fachtóir astaithe gáis nádúrtha i gcileagraim CO2 an teirigiúl

b

Líon na dteirigiúl an uair meigeavata

c

Muirear Carbóin de 6.35 cent an cileagram CO2 astaithe

Tiontú ó ráta LCC go dtí an ráta GLC

€11.48 (d) / 0.9017 (e) = €12.73

d

ráta i luach calrach comhlán

e

Fachtóir Tiontaithe

Ar aghaidh: Gás nádúrtha a sholáthraítear le húsáid mar bhreosla i mótarfheithicil