Cáin Ola Mianra ar ghás feithicle (COM GF)

Léargas ginearálta

Tá gás nádúrtha a sholáthraítear do thomhaltóirí faoi dhliteanas na Cánach Carbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN). Suas leis an 31 Nollaig 2016, d’fholaigh sé seo gás nádúrtha a soláthraíodh lena úsáid mar bhreosla do mhótarfheithiclí. Le hAlt 38 den Acht Airgeadais, 2016 tugadh isteach athrú don chánachas ar ghás nádúrtha a úsáidtear mar bhreosla i mótarfheithicil.

Ón 1 Eanáir 2017, tá gás nádúrtha nó bithghás a sholáthraítear lena úsáid mar bhreosla mótarfheithicle faoi réir na Cánach Ola Mianra (COM). Tugtar “gás feithicle” ar ghás nádúrtha agus bithghás a sholáthraítear don úsáid sin.  Ón 1 Eanáir 2017, ní bhaineann an CCGN le soláthairtí gáis nádúrtha agus tagann an COM ina áit.

Féadtar gás nádúrtha a leachtú mar Ghás Nádúrtha Leachtaithe (GNL) nó a chomhbhrú mar Ghás Nádúrtha Comhbhrúite (GNC) le haghaidh stórála agus iompair. Baineann COM le gach soláthar gáis feithicle is cuma cén cineál stórála nó modha iompair a úsáideadh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ionann Gás Peitriliam Leachtach (GPL) agus gás feithicle. Is ola mhianra é GPL, ach is gás nádúrtha nó bithghás é gás feithicle. 

Ar aghaidh: Clárúchán