Cáin Ola Mianra ar ghás feithicle (COM GF)

Dliteanas

Éiríonn dliteanas COM aníos nuair a sholáthraíonn soláthraí gáis feithicle gás feithicle do dháileoir gáis feithicle. Is é an soláthraí gáis feithicle atá faoi dhliteanas an cháin a íoc. Tá dliteanas i gceist chomh maith i leith féinsoláthar gáis feithicle le haghaidh thomhaltas an tsoláthraí féin.

Tugtar ‘soláthraí gáis feithicle’ ar dhuine a sholáthraíonn gás feithicle. Tugtar ‘dáileoir gáis feithicle’ ar dhuine a oibríonn áis athbhreoslaithe feithicle le gás feithicle a sholáthar.

Ní fhéadann soláthraí gáis feithicle gás feithicle a sholáthar do dháileoir gáis feithicle ach amháin má tá méadar i bhfeidhm:

  • atá feistithe ag an oibreoir córais tarchurtha
  • agus
  • a úsáidtear go heisiach leis an méid gáis feithicle a sholáthraítear don dáileoir gáis feithicle a thomhas.

Ní fhéadann dáileoir gáis feithicle soláthairtí gáis feithicle a fháil ach amháin má tá méadar i bhfeidhm:

  • atá feistithe ag an oibreoir córais tarchurtha
  • agus
  • a úsáidtear go heisiach leis an méid gáis feithicle a sholáthraítear don dáileoir gáis feithicle a thomhas.

Tá an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach as custaiméirí a cheangal leis an líonra gáis. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Rialáil Fóntais

Ar aghaidh: Faoisimh