Cáin Ola Mianra ar ghás feithicle (COM GF)

Tuairisceáin agus íocaíochtaí

Spriocdhátaí do thuairisceáin agus íocaíochtaí

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha gáis feithicle tuairisceán a thíolacadh agus a íoc i leith gach tréimhse dhémhíosúil faoin lá deireanach den mhí ina dhiaidh. An dáta dlite, mar shampla, le haghaidh na tréimhse Eanáir–Feabhra ná an 31 Márta.

Ceithre lá dhéag roimh an dáta dlite, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim meabhrúchán faoi íoc agus tíolacadh chuig custaiméirí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim meastachán den cháin dhlite ag soláthraithe nach dtíolacann tuairisceán faoin dáta dlite. Mura ndéanann soláthraí an tuairisceán a chomhlánú agus a thíolacadh, is é an meastachán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an tsuim chánach a lorgóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

Má loiceann cáiníocóir an tsuim dhlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriam, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Gearrtar ús ar íocaíocht dhéanach ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dhlite.

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha tuairisceán nialasach a thíolacadh nuair nach bhfuil aon dliteanas dlite.

Tuairisceáin a thíolacadh agus an cháin a íoc

Féadann soláthraithe atá cláraithe le haghaidh ROS tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar ROS.

Féadann soláthraithe nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS tuairisceán a thíolacadh ach an fhoirm MOT VG a úsáid. Ba chóir an tuairisceán comhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí. Féadann soláthraithe íocaíochtaí a dhéanamh i leith an tuairisceáin seo trí moChúrsaí.

De rogha air sin, féadtar tuairisceáin chomhlánaithe a sheoladh tríd an bpost chuig Oifig an Ard-Bhailitheora

Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh trí moChúrsaí.