Cáin Ola Mianraí ar ghás feithicle (COM GF)

Ráta cánach

Is é an ráta COM a bhaineann le soláthairtí gáis feithicle ná €11.48 in aghaidh na huaire meigeavata (MWh) ag an Luach Calrach Comhlán (LCC).

Mar atá i gceist le rátaí COM eile, tá comhchuid charbóin agus comhchuid neamhcharbóin araon ag Cáin Ola Mianraí ar Ghás Feithicle (COM GF). Tugtar 'cáin charbóin' go coitianta ar an gcomhchuid charbóin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur dleacht mháil iad an dá chomhchuid de COM.

Ón 1 Bealtaine 2025, tháinig méadú ar an gcomhchuid charbóin den COM GF. Tá an méadú seo bunaithe ar an méid a ghearrtar in aghaidh an tonna de dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a astaítear, ag méadú ó €56.00 go €63.50.

Tugtar miondealú sa tábla seo a leanas ar an ráta reatha COM GF. Áirítear ann freisin na fachtóirí tiontaithe a úsáidtear le tiontú ó LCC go Glanluach Calrach (GLC). Tá na rátaí COM GF roimhe seo ó 2017 go dáta ar fáil sa lámhleabhar Excise Duty Rates on Energy Products and Electricity Taxes Manual.

Ráta éifeachtach ó

Fachtóir tiontaithe ráta LCC go GLC

Soláthar gáis feithicle tomhaiste ag

Comhchuid neamhcharbóin in aghaidh an MWh 'A'

Comhchuid charbóin in aghaidh an MWh 'B'

Ráta COM GF in aghaidh an MWh 'A' + 'B'

01/05/25

0.9017

LCC

€0.00

€11.48

€11.48

GLC

€0.00

€12.73

€12.73

Ar aghaidh: Clárúchán