Cáin Ola Mianraí ar ghás feithicle (COM GF)

Faoisimh

Is é an sainmhíniú ar bhithghás ná gás a fuarthas ó bhithmhais amháin. Tá faoiseamh i leith na comhchoda carbóin den Cháin Ola Mianraí ar Ghás Feithicle (COM GF) ar fáil don sciar den ghás feithicle atá déanta suas de bhithghás. Ciallaíonn sé seo go bhfuil bithghás a sholáthraítear le húsáid mar ghás feithicle faoi réir na comhchoda neamhcharbóin den COM GF amháin.

Ón 1 Bealtaine 2025, is é ráta an bhithgháis ná €11.48 an MWh ag an Luach Calrach Comhlán (LCC) (€12.73 an MWh ag an Glanluach Calrach (GLC)). Laghdaítear ráta foriomlán an COM GF de bhun ráta na comhchoda carbóin. Tugann sé seo ráta éifeachtach €0.00 an MWh ag an LCC (€0.00 an MWh ag an GLC) ar bhithghás.

Is ag an bhfoinse a fheidhmíonn an soláthraí an faoiseamh i leith na comhchoda carbóin den COM GF don bhithghás. Éilíonn an soláthraí an faoiseamh trí mhéid an bhithgháis a sholáthraítear a dhearbhú agus ráta na comhchoda neamhcharbóin a íoc ag baint úsáid as an bhFoirm MOT VG.

Ar aghaidh: Taifid