Cáin Ola Mianra ar ghás feithicle (COM GF)

Clárúchán

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha gáis feithicle clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an bhfoirm  Form MOT VG-reg a chomhlánú. Ní mór do sholáthraithe gáis nádúrtha clárú roimh ghás nádúrtha a sholáthar. Féadann soláthraithe an fhoirm chlárúcháin seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim  trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí. De rogha air sin, féadfaidh soláthraithe an fhoirm a sheoladh chuig Rannóg na gCorparáidí Móra.

Ní mór do sholáthraí nach bhfuil bunaithe sa Stát duine inniúil a cheapadh sa Stát chun cuntas a thabhairt i leith an COM agus é a íoc. Ní mór don duine inniúil clárú le haghaidh na cánach tríd an Form MOT VG-reg a chomhlánú agus sonraí an tsoláthraí nach soláthraí Stáit iad, a chur san áireamh.

Féadann soláthraithe díchlárú ach M’Fhiosruithe a úsáid, nó trí Rannóg na gCorparáidí Móra a chur ar an eolas i scríbhinn.

Ar aghaidh: Dliteanas