Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Tuairisceáin agus íocaíochtaí

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha gáis nádúrtha:

  • tuairisceán a thíolacadh
  • agus
  • íocaíocht a dhéanamh

i leith gach tréimhse dhémhíosúil faoin lá deireanach den mhí ina dhiaidh. An dáta dlite, mar shampla, le haghaidh na tréimhse Eanáir – Feabhra ná an 31 Márta.

Ceithre lá dhéag roimh an dáta dlite, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim meabhrúchán faoi íoc agus tíolacadh chuig custaiméirí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim meastachán den cháin dhlite ag soláthraithe nach dtíolacann tuairisceán faoin dáta dlite. Mura ndéanann soláthraí an tuairisceán a chomhlánú agus a thíolacadh, is é an meastachán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an tsuim chánach a lorgóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

Má loiceann cáiníocóir an tsuim dhlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiachas a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriam, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Gearrtar ús ar íocaíocht dhéanach ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dhlite.

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha tuairisceán nialasach a thíolacadh nuair nach bhfuil dliteanas dlite.

Cén chaoi le tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh

Féadann soláthraithe atá cláraithe le haghaidh ROS tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar ROS.

Féadann soláthraithe nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS tuairisceán a dhéanamh ag baint úsáide as an bhfoirm thuairisceáin ábhartha. Ba chóir an tuairisceán comhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí. Féadann soláthraithe íocaíocht a dhéanamh i leith an tuairisceáin seo trí moChúrsaí.

De rogha air sin, féadtar tuairisceáin chomhlánaithe a sheoladh tríd an bpost chuig:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Rannóg an Ard-Bhailitheora
Teach an tSairséalaigh
Sráid Phroinséis
Luimneach
VR4 R972.

Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh trí ROS nó moChúrsaí.

Ar aghaidh: Faoisimh