Éiligh faoiseamh cánach ar fheithicil le haghaidh tiománaithe nó paisinéirí a bhfuil míchumas orthu

Leis an tseirbhís ar líne seo, féadann tiománaithe agus paisinéirí a bhfuil míchumas orthu iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) agus Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF) ar fheithicil a cheannach ar feithicil í a oiriúnaíodh le haghaidh a n-iompair.  

Foráiltear ann chomh maith do dhíolúine ó Mhótarcháin,  deontas breosla, agus  aisíocaíocht CBL ar an bhfeithicil a oiriúnú.

Tá an faoiseamh cánach ar fáil más feithicil í atá nua, iompórtáilte nó a bhí faoi d’úinéireacht agat cheana féin.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do dhaoine a bhfuil míchumas trom nó buan orthu agus a bhfuil Bundeimhniú Liachta acu. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid mar thiománaí nó mar phaisinéir, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís chun faoiseamh cánach a éileamh

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí, ach an cárta ‘Seirbhísí Feithicle’ a oscailt agus cliceáil ar ‘Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas’.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís seo ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Oscail an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ agus dul síos chuig an rannán ‘Seirbhísí Eile’
  • Roghnaigh ‘Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas’.