Éileamh ríomh-aisíocaíochta Cánach Ola Mianraí (COM) a thíolacadh

Leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí COM, féadtar iarratas a dhéanamh ar líne ar fhaoisimh áirithe ó COM. Chun an tseirbhís seo a úsáid, ní mór a bheith cláraithe le haghaidh COM ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo oiriúnach duit más mian leat éileamh aisíocaíochta a éileamh i leith bhfaoiseamh seo a leanas ó COM:

  • COM ar Ola Throm & Gás Peitriliam Leachtach a úsáidtear i dTáirgeadh Gortóireachta agus i Saothrú Muisiriún. Féadtar é seo a dhéanamh leis an bhFoirm 1130 ar líne.
  • COM ar Bhreosla a Úsáidtear le haghaidh Loingseoireacht Tráchtála Mara. Féadtar é seo a dhéanamh leis an bhFoirm 1131 ar líne.
  • COM ar Bhreosla a Sholáthraítear le haghaidh Loingseoireacht Tráchtála Mara. Féadtar é seo a dhéanamh leis an bhFoirm 1132 ar líne.
  • MOT ar ghásailín eitlíochta a úsáidtear le haghaidh aerloingseoireacht tráchtála nó gnó. Féadtar é seo a dhéanamh leis an bhFoirm PPF2 ar líne.
  • Muirear carbóin CM ag sealbhóirí ceadúnais astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Féadtar é seo a dhéanamh leis an bhFoirm CC Rep ar líne. Ní mór ceadúnas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith agat le go mbeidh tú incháilithe chun éileamh CC_Rep a thíolacadh.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

I gcás an éilimh 1130, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • tréimhse éilimh (mm/bliain)
  • uimhir soláthraí CBL
  • an toirt lítear a éilíodh.

I gcás an éilimh 1131, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • tréimhse éilimh (mm/bliain)
  • uimhir soláthraí CBL
  • an toirt lítear a éilíodh.

I gcás an éilimh 1132, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • tréimhse éilimh (mm/bliain)
  • ainm an bháid/na mbád nó uimhir/uimhreacha chlárúcháin
  • an toirt lítear a éilíodh.

I gcás an éilimh PPF2, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • tréimhse éilimh (mm/bliain)
  • an toirt lítear a éilíodh
  • scairbhileog sonraí éilimh agus sonraisc (le huaslódáil).

I gcás an éilimh CC_Rep, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • tréimhse éilimh (mm/bliain)
  • uimhir soláthraí CBL
  • an toirt lítear a éilíodh
  • Ceadúnas Astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa agus sonraisc (le huaslódáil).

Féach an rannán Treoir Bhreise ar an leathanach seo le haghaidh tuilleadh eolais ar éilimh aisíocaíochta a thíolacadh le haghaidh na bhFaoiseamh COM seo.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Má tá tú cláraithe le haghaidh (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís seo ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.