Stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta

Féadtar iarratas a dhéanamh le do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta trí dul chuig ‘Mo Phróifíl’ nó ‘Bainistigh Mo Thaifead’ ar moChúrsaí.

Féadfaidh sé go n-iarrfar ort doiciméid tacaíochta a uaslódáil nuair a iarrann tú do stádas a thabhairt cothrom le dáta.

Ní mór don dá chéile nó páirtnéir sibhialta a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí chun an t-iarratas a fhíorú. Ní mór do do chéile nó páirtnéir sibhialta logáil isteach ar a phróifíl / a próifíl moChúrsaí féin chun an t-iarratas a dheimhniú.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís 

Tá dhá rogha ann le rochtain ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí.

Rogha a haon:

  • cliceáil ar ‘Mo Phróifíl’
  • roghnaigh ‘Mo shonraí’
  • cliceáil ar ‘Cuir in Eagar’ ar an bpainéal Sonraí Pearsanta
  • roghnaigh do stádas sibhialta nua ón roghchlár anuas
  • agus
  • cuir an t-eolas cuí ar fáil mar a iarrtar.

Rogha a dó:

  • cliceáil ar an gcluaisín ‘Bainistigh Mo Thaifead’
  • roghnaigh ‘Tabhair do Stádas Sibhialta Cothrom le Dáta’
  • roghnaigh do stádas sibhialta nua ón roghchlár anuas
  • agus
  • cuir an t-eolas cuí ar fáil mar a iarrtar.