Déan íocaíocht ar líne le haghaidh cineálacha éagsúla cánach

Leis an tseirbhís íocaíochta cánach ar líne, féadtar íocaíochtaí a dhéanamh ar líne le haghaidh an chuid is mó de na cineálacha cánacha.

Cé dó an tseirbhís seo?

Féadtar an tseirbhís seo a úsáid:

  • má tá tú cláraithe le haghaidh na cánach is mian leat a íoc
  • má tá dliteanas cánach agat nach mór a íoc
  • má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, an córas CMÁ ar líne, nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • má tá sonraí agat faoin gcineál cánach agus faoi shuim na híocaíochta is mian leat a dhéanamh
  • má tá modh íocaíochta ar líne roghnaithe agat.

Féach Online payments of tax le haghaidh tuilleadh eolais ar na cánach a fhéadtar a íoc ar líne.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh moChúrsaí nó ROS
  • sonraí faoi chineál na cánach agus faoi shuim na híocaíochta is mian leat a dhéanamh
  • modh roghnaithe íocaíochta ar líne.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí ach an cárta 'Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí' a oscailt agus cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ ar líne, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP Maoine agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.
  • Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
  • Má tá breis agus tréimhse amháin amuigh, tabharfar an rogha duit íoc as tréimhse amháin nó tréimhsí iomadúla.
  • Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
  • Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Sa rannán ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’, roghnaigh an cineál íocaíochta is mian leat a dhéanamh.
  • Roghnaigh an cineál cánach a bhaineann leis an gcineál íocaíochta a roghnaigh tú.
  • Cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.
  • Cliceáil ar ‘Íoc’ don tréimhse chánach ar mian leat íocaíocht a dhéanamh ina leith.