Déan íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Féadfaidh tú an tseirbhís ar líne seo a úsáid chun do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc, nó socruithe a dhéanamh chun í a íoc. Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ceachtar díobh seo, féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís tríd an tSeirbhís ar líne CMÁ.

Chun teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  • Ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)’.

Chun teacht ar an tseirbhís trí ROS:

  • Sínigh isteach ar ROS.
  • Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh Riaráistí CMÁ/MT’ agus tógfaidh sé seo thú go dtí do liosta maoine.
  • Cliceáil ar an UA Maoine.

Chun teacht ar an tseirbhís tríd an tseirbhís CMÁ ar líne go díreach:

Roimh do mhodh íocaíochta a shocrú suas, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil do Thuairisceán CMÁ tíolactha agat ag baint úsáide as an rogha ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Maoine’.

Féadfaidh tú rogha a dhéanamh as roinnt roghanna íocaíochta. Má tá CMÁ á íoc agat cheana féin trí modh íocaíochta athfhillteacha, tabharfar é seo ar aghaidh go dtí 2024 go huathoibríoch. Le haghaidh tuilleadh eolas a fháil, féach Modhanna íocaíochta CMÁ tugtha ar aghaidh.

Nuair atá do mhodh íocaíochta roghnaithe agat ba chóir duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cuir na sonraí íocaíochta uile isteach.
  • Cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’ tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí atá á dtíolacadh agat.
  • Cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.

Cuireann an rogha chun ‘íocaíochtaí do maoine iomadúla a bhainistiú’ tú ar do chumas íocaíocht aonarach, nó íocaíochtaí iomadúla, bhunú do do mhaoin.