Bealaí chun íocaíocht a dhéanamh ar líne

Tá roinnt modhanna ar líne ar fáil duit chun íocaíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Glacann muid le:

  • Treoir Dochair Dhírigh ROS (RDI). Má tá tú cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar Treoir Dochair ROS a bhunú. Ní gá duit é seo a dhéanamh ach an t-aon uair amháin agus ligfidh sé duit íocaíocht a dhéanamh láithreach. Déanfaidh tusa suim na híocaíochta a chinneadh agus an uair a dhéantar an íocaíocht.
  • Treoir Dochair Aonair (SDI). Féadtar TDA a shocrú suas trí ROS nó moChúrsaí a úsáid. Ligeann sé seo duit íocaíochtaí aonuaire a dhéanamh go díreach ó do chuntas bainc. Cinntigh roimh ré go bhfuil do chuntas in ann glacadh le dochar díreach.
  • Treoir Dochair Dhírigh (TDD). Ní mór TDD a shocrú suas trí ROS. Féadtar roghnú íocaíochtaí míosúla a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha reatha.
  • Cártaí creidmheasa agus docair. Ní fhéadann ach custaiméirí a bhfuil a gcúrsaí cánach á mbainistiú ag Rannóg na gCánacha Pearsanta nó Rannóg Gnó na gCoimisinéirí Ioncaim íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa nó dochair. Féadtar íocaíocht cárta a dhéanamh trí Visa nó Mastercard a úsáid. Glacann na Coimisinéirí Ioncaim an muirear nuair a úsáideann tú na cártaí seo. Féadtar íoc ar an gcaoi seo trí ROS nó moChúrsaí.

Féadfaidh custaiméirí íocaíochtaí a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí chuntas bainc atá lonnaithe i stát neamh-LEE (Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa) freisin. Is gá do na custaiméirí seo a gcuid sonraí seolta a chur isteach agus an sainordú íocaíochta á shocrú acu.

Is iad seo a leanas na stáit neamh-LEE, ach atá inrochtana ag Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA):

  • Andóra
  • Monacó
  • San Mairíne
  • An Eilvéis
  • An Ríocht Aontaithe
  • Cathair na Vatacáine
  • An Albáin
  • An Íoslainn
  • An Mholdóiv
  • Montainéagró
  • An Iorua
  • An Mhacadóin Thuaidh
  • An tSeirbia.

Cártaí creidmheasa agus docair

Ní fhéadann ach custaiméirí a bhfuil a gcúrsaí cánach á mbainistiú ag Rannóg na gCánacha Pearsanta nó Rannóg Gnó na gCoimisinéirí Ioncaim íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa nó dochair. Féadtar íocaíocht cárta a dhéanamh trí Visa nó Mastercard a úsáid. Glacann na Coimisinéirí Ioncaim an muirear nuair a úsáideann tú na cártaí seo. Féadtar íoc ar an gcaoi seo trí ROS nó moChúrsaí.

Ní ghlacann na Coimisinéirí Ioncaim le híocaíocht ó chártaí creidmheasa tráchtála a thuilleadh. Léireofar teachtaireacht rabhaidh má chuirtear uimhir chárta creidmheasa tráchtála isteach. Déan teagmháil le do sholáthraí cárta mura bhfuil tú cinnte faoi do chineál cárta.

Cé na cineálacha íocaíochtaí a fhéadtar a dhéanamh ar líne?

Féadann tú ár modhanna íocaíochta ar líne a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh le haghaidh:

  • Cáin Ioncaim
  • ús
  • pionós
  • astú
  • iniúchadh
  • nochtadh ioncaim agus sócmhainní eachtracha
  • mionsochair agus sochair neamhrialta.

Cinntigh go bhfuil tú cláraithe le haghaidh an chineáil cánach is mian leat a íoc.

Féach Using online methods to make a payment to Revenue le haghaidh tuilleadh eolais ar na cánach a fhéadtar a íoc ar líne.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • clárú le ROS, moChúrsaí nó CMÁ ar líne
  • do rogha modha íocaíochta ar líne
  • sonraí an chineáil cánach
  • suim na híocaíochta is mian leat a dhéanamh.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí sa rannán ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ agus cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí féin’.
  2. Sa rannán ‘Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí’, cliceáil ar an gcineál íocaíochta ar mian leat íocaíocht a dhéanamh ina leith.
  3. Roghnaigh an cineál cánach a bhaineann leis an gcineál íocaíochta a roghnaigh tú.
  4. Cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’.
  5. Cliceáil ar ‘Íoc’ don tréimhse chánach ar mian leat íocaíocht a dhéanamh ina leith.
RAZOR VIEW ERROR
The control '' has raised the following error:
Cannot perform runtime binding on a null reference

Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ Ar Líne, ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP Maoine agus cliceáil ar ‘Sínigh isteach’.
  2. Cliceáil ar ‘Íoc anois’.
  3. Tabharfar an rogha duit íoc as tréimhse amháin nó tréimhsí iomadúla.
  4. Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
  5. Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’
  6. Iarrfar ort ansin d'UAP a chur isteach arís agus cliceáil ar 'Sínigh agus Tíolaic' chun an íocaíocht a dhéanamh.

Is féidir tuilleadh sonraí maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc, lena n-áirítear íocaíochtaí le airgid thirim, ar fáil i Do mhuirear Cánach Maoine Áitiúil a íoc .