Teacht ar do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) ar líne
Leis an tseirbhís ar líne CMÁ, féadtar do dhliteanas CMÁ a thíolacadh agus a íoc ar líne. Leis seo chomh maith féadtar aon riaráistí Muirir Teaghlaigh a bhainistiú.
Cé dó an tseirbhís seo?
Tá an tseirbhís seo oiriúnach duit má tá tú:
- i d’úinéir ar mhaoin chónaithe in Éirinn
- nó
- i do ghníomhaire nó duine aonair ag gníomhú thar ceann úinéir maoine in Éirinn.
An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid
Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó Uimhir Tagartha Cánach an duine dliteanach i leith CMÁ
- aitheantas uathúil na maoine
- agus
- an UAP slán.
Cad atá le déanamh má tá d'Aitheantas Maoine agus d'UAP curtha amú agat
Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí nó ROS, ba cheart duit rochtain a fháil ar do thaifead CMÁ trí na seirbhísí seo.
Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh na seirbhísí seo, féadtar iarratas a dhéanamh chun cóip do d'Aitheantas Maoine agus d'UAP a sheoladh chugat tríd an bpost. Chun an t-iarratas seo a dhéanamh, comhlánaigh na céimeanna seo a leanas ar an tSeirbhís CMÁ ar Líne:
- Cuir isteach UPSP nó uimhir thagartha cánach an duine dhliteanaigh.
- Cliceáil ar ‘Seol m'Uimhir Aitheantais Maoine agus UAP tríd an bpost’.
- Ar an scáileán dearbhaithe, cliceáil ar 'Tíolaic'.