Deacrachtaí le tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh

Níl an tuairisceán ar fáil

Mura bhfuil fáil ar thuairisceán don chineál cánach nó don tréimhse:

  • Seiceáil nach bhfuil tús curtha cheana féin leis an mír sa chluaisín ‘Obair idir Lámha’ ar ROS. Má tá an mhír ansin, scrios é, ansin déan iarracht é a thíolacadh arís (ón gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin).
  • Más Fo-úsáideoir thú, cinntigh go bhfuil ceadanna tugtha ag do Riarthóir ROS duit:
    • teastóidh ceadanna uait le haghaidh ‘Ullmhú’ nó ‘Tíolacadh’ le haghaidh na cineál cánach seo.
  • Fíoraigh an méid seo a leanas faoin tuairisceán le hoifig an Ard-Bhailitheora:
    • go bhfuil an tuairisceán dlite agus eisithe
    • nach bhfuil aon ‘Stop’ i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar thíolacadh.

Níl na tuairisceáin seo a leanas ar fáil le haghaidh tíolacadh ar líne: 

  • Foirm 1 (Gnólachtaí)
  • Intrastat

Ní fhéadtar iad seo a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS.

Íoslódáil an tIarratas As Líne ROS agus an fhoirm chuí.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS a shuiteáil.

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat as líne, uaslódáil an comhad sábháilte chuig ROS ar Líne. Féadtar é seo a dhéanamh ach dul chuig an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, agus sa rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’, cliceáil ar ‘Uaslódáil Foirmeacha Comhlánaithe As Líne’.

Ar aghaidh: Tuairisceán a shíniú agus a thíolacadh