Deacrachtaí le tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh

Tuairisceán a shíniú agus a thíolacadh

Tuairisceán ar líne

Má fhaigheann tú scáilean bán agus tú ag 'Sínigh agus tíolaic'

Tá Microsoft tar éis Internet Explorer a chur as feidhm agus níl sé comhoiriúnach le ROS a thuilleadh.

Má tá tú ag úsáid Internet Explorer, athraigh go dtí brabhsálaí comhoiriúnach tríd an treoir Cén chaoi le do dheimhniú digiteach ROS a lódáil i mbrabhsálaí gréasáin nua a leanúint.

Tá tuilleadh eolais maidir le bhrábhsálaithe comhoiriúnacha ar fáil in Riachtanais chórais ROS.

Earráid MS

Má fhaigheann tú cód earráide MS (mar shampla MS01-123456879123546) nuair a dhéanann tú tuairisceán a ullmhaíodh ar líne a shíniú agus a thíolacadh:

  • Seiceáil do Thaifead Ioncaim le feiceáil ar éirigh leis an tuairisceán dul isteach.
  • Ná déan iarracht an tuairisceán a atíolacadh go dtí gur sheiceáil tú nach bhfuarthas é.
  • Má dhéantar an tuairisceán a atíolacadh, féadfaidh sé go gcruthófar tíolacthaí i ndúblach, nó íocaíochtaí i ndúblach, nó an dá cheann.
  • Má leanann an earráid ar aghaidh, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS trí M’Fhiosruithe. Cuir san áireamh sonraí an tuairisceáin – cineál an tuairisceáin, an tréimhse agus gabháil scáileáin den teachtaireacht earráide.

Tuairisceán as líne 

Má fhaigheann tú cód earráide MS (mar shampla MS01-123456879123546) nuair a dhéanann tú tuairisceán a ullmhaíodh as líne a shíniú agus a thíolacadh, d’fhéadfá an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Déan iarracht an tuairisceán a thíolacadh arís.
  • Féadtar do chomhad a bhailíochtú lenár nÁis Tástála Formáide Comhad.
  • Má leanann an earráid ar aghaidh, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS trí M’Fhiosruithe.  Ceangail an comhad atá le huaslódáil agat chomh maith le gabháil scáileáin den teachtaireacht earráide.

Ar aghaidh: Ní fhéadann an fo-úsáideoir féachaint ar thuairisceáin ná iad a thíolacadh