Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS

Earráid BAS 110 ag tráth na logála isteach

Tarlaíonn an earráid seo nuair atá an deimhniú reatha lódáilte neamhbhailí. Féadfaidh sé seo tarlú má rinne tú do dheimhniú a athnuachan nó a chúlghairm le déanaí. Bain an deimhniú ón mbrabhsálaí agus athlódáil an chóip is suas chun dáta den deimhniú.

Chun é seo a dhéanamh:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe’ ar an scáileán logála isteach Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  • Faoi ‘Léireofar deimhnithe lódáilte anseo', cuardaigh an deimhniú a bhfuil an teachtaireacht earráide ag teacht aníos ina leith.
  • Cliceáil ar an siombail den ‘bhosca bruascair’ chun an deimhniú a bhaint.

Ba chóir duit do dheimhniú is deireanaí a lódáil ansin. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an treoirleabhar:

Má bhaineann do dheacracht le deimhniú fo-úsáideora, iarr ar do riarthóir ROS deimhniú nua a eisiúint.

Mura bhfuil tú in ann an deacracht seo a réiteach, déan teagmháil leis an Ionad Cabhrach Teicniúil ROS.

Ar aghaidh: Ríomhaire nua a úsáid chun logáil isteach