Cúrsaí i dteangacha iasachta agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise (TF)

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí a íocann tú ar chúrsaí áirithe i dteangacha iasachta agus i dteicneolaíocht na faisnéise (TF). Féadfaidh sé gur tusa an mac léinn, nó féadfaidh sé go bhfuil na táillí íoctha agat thar ceann duine eile.

Coinníollacha i gcomhair faoisimh

Chun cáiliú i gcomhair faoisimh, ní mór do do chúrsa:

  • a bheith i dteangacha iasachta nó i dteicneolaíocht na faisnéise (TF) atá ceadaithe ag Solas
  • a bheith ar an liosta de chúrsaí faofa
  • a bheith níos lú ná dhá bhliain ar fad
  • a bheith tugtha chun críche le dámhachtain de dheimhniú inniúlachta, ní deimhniú tinrimh.

Ní cháilíonn cúrsaí i nGaeilge nó i mBéarla, toisc gurb iad sin teangacha an Stáit. Ní cháilíonn cúrsaí iarchéime i dteangacha iasachta nó i dteicneolaíocht na faisnéise (TF) ach an oiread, ach d'fhéadfaidís cáiliú i gcomhair faoiseamh do tháillí teagaisc.

Faoiseamh

Gheobhaidh tú faoiseamh ag an ráta caighdeánach cánach, 20%. Bíonn faoiseamh ar fáil ar chostas na gcúrsaí i gcás go bhfuil méid na dtáillí idir €315 agus €1,270.

Ní fhéadfaidh tú faoiseamh a éileamh ar tháillí atá maoinithe ag deontais, scoláireachtaí nó ag d'fhostóir. Má fhaigheann tú páirt-mhaoiniú i dtreo táillí cúrsa, ní mór duit é a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a éilíonn tú faoiseamh.

Ní fhéadfaidh tú faoiseamh a éileamh ach amháin ar chostas cúrsa faofa amháin in aghaidh an duine i mbliain chánach.

Ag seiceáil cibé an gcáilíonn cúrsa i gcomhair faoisimh

Tá na cúrsaí teangacha iasachta go léir sa liosta de Approved foreign language courses and providers.

Tá na cúrsaí sa teicneolaíocht faisnéise (TF) faofa go léir sa liosta de Approved information technology courses and providers.

Cén chaoi le faoiseamh a éileamh

Féach ar Cén chaoi le faoiseamh a éileamh i leith táillí teagaisc le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo.