An riail ceithre bliana

Tá teorainn ar cé chomh fada siar is a fhéadtar aisíocaíochtaí cánach a éileamh faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir agus faoin gcóras Féinmheasúnaithe.

Tá teorainn ceithre bliana socraithe dó seo, rud a chiallaíonn nach bhféadtar athbhreithnithe a iarraidh nó aisíocaíochtaí a éileamh ach amháin do na ceithre bliana dheireanacha. Mar shampla, ní mór éilimh i leith 2020 a bheith déanta roimh 31 Nollaig 2024. Ní fhéadtar éilimh tar éis an ama seo a aisíoc.