Is imreoir gairmiúil rugbaí é Pól a chuaigh ar scor ón rugbaí in 2024. Is mian leis an Faoiseamh do Lucht Spóirt a éileamh. Chun é seo a dhéanamh, rinne sé athbhreithniú ar a ioncam ó rugbaí a imirt do na 15 bliana roimh dhul ar scor (2024 san áireamh). Roghnaigh sé na 10 mbliana a lig dó a éileamh faoisimh a uasmhéadú.
Is le haghaidh 2013 atá ceann de na blianta ar mian leis éileamh a dhéanamh ina leith.
Ioncam incháinithe Phóil le haghaidh 2013
| |
Suim |
| Tuarastal rugbaí |
€250,000 |
| Costais fostaíochta |
(€7,000) |
| Glanioncam faoi sceideal E |
€243,000 |
| Ioncam ó láithris phearsanta |
€15,000 |
| Ioncam incháinithe |
€258,000 |
Tar éis dó Faoiseamh do Lucht Spóirt a éileamh le haghaidh 2013, tháinig athrú ar a ioncam incháinithe.
Ioncam incháinithe Phóil le haghaidh 2013, tar éis an Fhaoisimh do Lucht Spóirt
| |
Suim |
| Tuarastal rugbaí |
€250,000 |
| Costais fostaíochta |
(€7,000) |
| Faoiseamh do Lucht Spóirt (€250,000 x 40%) |
(€100,000) |
| Glanioncam faoi sceideal E |
€143,000 |
| Ioncam ó láithris phearsanta |
€15,000 |
| Ioncam incháinithe |
€158,000 |
Gheobhaidh Pól asbhaint €100,000 le haghaidh 2013. Déanfaidh Pól athbhreithniú den chineál céanna do na 9 mbliana eile a roghnaíonn sé chun a fhaoiseamh iomlán a ríomh. Is de bhun aisíocaíochta a thabharfar an faoiseamh.