Faoiseamh don Lucht Spóirt

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

An chaoi le héileamh a dhéanamh más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú

Is é an bealach is tapúla agus is éasca ná úsáid a bhaint as ár seirbhís ar líne, moChúrsaí, chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh: 

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. Iarr 'Ráiteas Dliteanais'.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost’ agus ‘Faoiseamh Scoir do Lucht Spóirt’.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

An chaoi le hiarratas a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe

Sínigh isteach ar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus comhlánaigh an rannán ar an bhFaoiseamh do Lucht Spóirt ar do Thuairisceán Bliantúil Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Teorainn ama le haghaidh éileamh

Ní mór duit éileamh a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana a théann tú ar scor.