Dleacht Stampa a íoc
Deimhnithe Stampála
Nuair a dhéanann tú do thuairisceán a thíolacadh agus do dhliteanas Dleachta Stampála a íoc, eiseofar deimhniú stampála chuig do bhosca isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ba chóir é seo a phriontáil agus a cheangal leis an ionstraim (doiciméad scríofa), ciallaíonn sé seo go bhfuil an ionstraim stampáilte.
Is é an deimhniú stampála do admháil.
Má rinne tú an tuairisceán a thíolacadh ar son duine cuntasach, ba chóir duit cóip den deimhniú stampála a thabhairt don duine cuntasach dá thaifid féin.
Deimhnithe stampála athsholáthair
Má thíolaic tú an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampála trí ROS, féadtar deimhniú stampála:
- a fháil
- a fheiceáil
- nó
- a phriontáil
tríd an áis chuardaigh agus aisghabhála ar ROS.
Féadtar an áis chuardaigh tríú páirtí ar ROS a úsáid chun féachaint ar chóip den deimhniú stampála más rud é:
- go bhfuil tú cláraithe le haghaidh ROS
- agus
- nach tusa tíolacóir bunaidh an tuairisceáin Dleachta Stampála.
Má bhíonn fadhb agat deimhniú athsholáthair a phriontáil, déan teagmháil leis an Oifig Náisiúnta um an Dleachta Stampála. Cuir eolas faoin gcás agus an chúis leis an iarratas san áireamh. Má tá tú ag gníomhú thar ceann an duine cuntasach, cuir cóip dá n-údarú san áireamh.
Ionstraimí caillte
Má stampáil na Coimisinéirí Ioncaim d’ionstraim ar an 30 Nollaig 2009 nó dá éis, ba chóir duit:
- teacht ar an tuairisceán Dleachta Stampála ar ROS
- agus
- cóip a phriontáil den deimhniú bunaidh.
Féadtar an deimhniú seo a cheangal leis an ionstraim athsholáthair ar an gcoinníoll:
- gur ionstraim idir na páirtithe céanna í
- gur ionstraim chun na críche céanna í
- agus
- go bhfuil an dáta céanna uirthi agus atá ar an ionstraim bhunaidh.
Má rinne na Coimisinéirí Ioncaim d’ionstraim bhunaidh a stampáil roimh an 30 Nollaig 2009, ní mór duit tuairisceán páipéir a chomhlánú. Iarrtar é seo ón Oifig Náisiúnta um an Dleachta Stampála. Cuir an méid seo a leanas san áireamh:
- an chúis
- Aitheantas Doiciméid na hionstraime bunaidh - féadtar teacht air seo i do thuairisceán
- agus
- cur síos ar an gcineál ionstraime atá i gceist.
Nuair a bheidh sé comhlánaithe, seol ar ais chuig an Oifig Náisiúnta um an Dleachta Stampála é mar aon le:
- dearbhú dlíthiúil ó dhuine a bhfuil na fíricí ar eolas aige nó aici, san áireamh:
- an dáta a rinne na Coimisinéirí Ioncaim an ionstraim bhunaidh a stampáil
- fianaise gur stampáladh í
- fianaise gur chaill tú an ionstraim bhunaidh
- cóip d'aon chomhfhreagras leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le stampáil na hionstraime bunaidh
- cóip d'aon chomhfhreagras leis an tseirbhís poist/leis an gcúiréara maidir leis an ionstraim chaillte
- cóip (den taobh tosaigh agus den taobh cúil) de:
- seic briste
- dréacht bainc
- ordú iníoctha a úsáideadh chun an Dleacht Stampála a íoc ar an ionstraim bhunaidh má stampáil na Coimisinéirí Ioncaim í le stampaí buailte roimh Mheán Fómhair 2000
- gealltanas go dtabharfaidh tú an ionstraim chaillte do na Coimisinéirí Ioncaim má thagann tú air.
Contrapháirteanna
Má theastaíonn deimhnithe stampála contrapháirt (dúblacha) uait, roghnaigh an rogha agus an líon atá ag teastáil ar an tuairisceán Dleachta Stampála. Cosnaíonn gach contrapháirt €12.50. Más lú an dleacht ar an ionstraim bhunaidh ná €12.50, íocfaidh tú an méid is lú le haghaidh gach contrapháirt.
Rochtain ar Dheimhnithe Stampála
Ligeann ROS duit teacht ar dheimhnithe stampála, féachaint orthu agus iad a phriontáil trí úsáid a bhaint as:
- áis chuardaigh tríú páirtí
- áis chuardaigh agus aisghabhála.
Chun an áis chuardaigh tríú páirtí a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- uimhir an deimhnithe stampála
- uimhir aitheantais an doiciméid
- dáta forghníomhaithe na hionstraime
- dáta an deimhnithe stampála.
Chun an áis chuardaigh agus aisghabhála a úsáid is gá aon cheann díobh seo a leanas a bheith agat:
- ainm an cheannaitheora
- ainm an díoltóra
- aitheantas an doiciméid
- raon dátaí sonrach.
Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn má dhéanann tú tíolacadh agus íoc go déanach?