Dleachta Stampa ar chártaí airgeadais
Cártaí creidmheasa agus cártaí muirir
Tá muirear Dleachta Stampála €30 in aghaidh na bliana i bhfeidhm maidir le cártaí creidmheasa agus cártaí muirir a eisítear do dhuine le seoladh sa Stát.
Cártaí Creidmheasa
Cuirtear an muirear i bhfeidhm in aghaidh an chuntais, beag beann ar líon na gcártaí a eisítear don chuntas.
Cártaí Muirir
I gcás gach tréimhse inmhuirir a chríochnaíonn roimh an 31 Nollaig 2024, bhí feidhm ag an muirear maidir le gach cárta a éisíodh don chuntas cárta muirir. Ón 1 Eanáir 2025, tá fheidhm ag an muirear i leith cártaí muirir in aghaidh an chuntais, beag beann ar líon na gcártaí a eisítear don chuntas.
Má athraíonn tú ó chuntas amháin go cuntas eile, ba chóir duit an Dleacht Stampála a íoc leis an seanbhanc nó leis an sean-eisitheoir cárta nuair a dhéantar cuntas a dhúnadh. Gearrfaidh do sheanbhanc nó do shéan-eisitheoir cárta an Dleacht Stampála i do ráiteas deiridh. Eiseoidh siad Litir um Dhúnadh chugat ansin.
Deimhníonn an litir seo go bhfuil an Dleacht Stampála íoctha agat don tréimhse atá i gceist. Ba chóir duit an litir seo a chur ar fáil do do bhanc nó eisitheoir cártaí nua. Ní ghearrfar Dleacht Stampála ort don tréimhse sin.
Má athraíonn tú cártaí creidmheasa nó cártaí muirir go minic sa tréimhse chéanna chuntasaíochta, ní ghearrfar an muirear ort ach i leith an chuntais bhunaidh. Is gá duit Litir um Dhúnadh a fháil gach uair a dhúnann tú an cuntas. Eiseoidh an chéad banc nó eisitheoir cártaí eile Litir um Dhúnadh ón uair a bheidh cruthúnas acu gur íocadh an dleacht tosaigh.
Má dhúnann tú do chuntas sa tréimhse chéanna inar oscail tú é gan an cárta a úsáid, ní thagann aon mhuirear Dleachta Stampála chun cinn. Má dhúnann tú do chuntas le linn na bliana agus mura n-osclaíonn tú cuntas nua, beidh muirear Dleachta Stampála i gceist don bhliain roimhe.
Tá feidhm ag na muirir seo freisin maidir le cártaí a choinnítear go fíorúil nó i bhfoirm leictreonach.
Ar aghaidh: Cártaí UMB, dochair agus comhchártaí