Dleachta Stampa ar chártaí airgeadais

Léargas ginearálta

Gearrtar Dleacht Stampa ar chártaí airgeadais, ar chártaí muirir agus ar chuntas cárta creidmheasa. Bailíonn an institiúid airgeadais an dleacht ó na sealbhóirí cuntais thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Gearrfaidh d’institiúid airgeadais Dleacht Stampa gach bliain ar do chuntas bainc, creidmheasa nó dochair.

Eolas ginearálta maidir le gach cárta

Tá gach cárta dliteanach má tá seoladh billeála shealbhóir an chárta sa Stát. Tá tú faoi dhliteanas na Dleachta Stampa má tá d’institiúid airgeadais lonnaithe taobh amuigh den tír. 

Níl tú faoi dhliteanas na Dleachta Stampála má tá do sheoladh billeála taobh amuigh den Stát don bhliain iomlán chánach. Má léirítear ar thaifid na hinstitiúide airgeadais go bhfuil seoladh shealbhóir an chárta sa Stát, beidh Dleacht Stampa iníoctha ansin.

Ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí Dleachta Stampa ar an ábhar nach bhfuil teacht againn ar chuntais aonair. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’institiúid airgeadais le haghaidh aisíocaíochta.

Má chailleann tú do chárta nó má ghoidtear é, níl tú faoi dhliteanas Dleachta Stampa ar an gcárta athsholáthair.

Ceisteanna faoi mhuirir Dleachta Stampa

Má tá fiosrú agat faoi Dhleacht Stampa a gearradh ar do chuntas, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’institiúid airgeadais.  Bailíonn siad an Dleacht Stampa thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim.

Más gá duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceist faoin Dleacht Stampa, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe